Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Suíomhanna Idirlín • Thacaigh an fhoireann le 22 suíomh idirlín in 2022. • I measc na bpríomh-éachtaí in 2022 tá an Oíche Chultúir a aistriú faoin CMS Corparáideach agus suíomhanna nua a fhorbairt, ina measc Kinship agus an fhéile Cork on a Fork. • Thacaigh an fhoireann le hathfhorbairt a dhéanamh ar roinnt codanna den suíomh idirlín, go háirithe an splancscáileán, an Rannóg Tithíochta agus Doing Business in Cork. • I measc na dtionscadal eile bhí ardán um thoiliú fianán agus logáil isteach SSO a thabhairt isteach. Chatbot • D’fhorbair Comhairle Cathrach Chorcaí Chatbot le MS Virtual Agent. Rinneadh an fhorbairt agus UAT le linn 2022 agus tá an chatbot le bheith beo ar shuíomh idirlín Chomhairle Cathrach Chorcaí ag deireadh R1 2023. Cuirfidh an chatbot tacaíocht 24/7 ar fáil d’úsáideoirí ár suímh idirlín ach iad a threorú chuig rannóga sonracha an tsuímh idirlín mar fhreagra ar cheisteanna úsáideoirí. Cathracha SMART Dúshlán na gCathracha Cliste (ICC): Chríochnaigh Comhairle Cathrach Chorcaí Clár an Aontais Eorpaigh um Dhúshlán na gCathracha Chliste in 2022. Ar cheann de 136 príomhchathair, thug Comhairle Cathrach Chorcaí faoi roinnt gníomhaíochtaí tionscadail faoin téama rannpháirtíochta saoránach i gcomhar le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Forbraíodh tionscadail shonracha sna réimsí Cothú Áite, Sonraí Oscailte, eShláinte agus Cibearshlándáil. Mar chuid den ICC, déanann cathracha eile a ghlacann páirt i nDúshlán na gCathracha Chliste athbhreithniú piaraí ar ghníomhaíochtaí ar bhonn leanúnach. Tá iarratas á mheas faoi láthair ag Comhairle Cathrach Chorcaí chun dul isteach sa chlár ‘Dúshlán na gCathracha Chliste 2’. Feidhmchláir Chorparáideacha Tacaíonn an fhoireann seo le breis is 150 córas, 800 úsáideoir ag a bhfuil riachtanais a eascraíonn as stiúrthóireachtaí inmheánacha gnó, áitritheoirí, agus gnólachtaí na cathrach. I measc na dtionscadal a cuireadh i gcrích in 2022 bhí: Uasghráduithe go Feidhmchláir agus Bunachair Shonraí iolracha, ar aistríodh cuid acu chuig an Néal. Ina measc seo bheadh Clár na dToghthóirí, iHouse, agus Riaradh Éileamh. Córas Bainistithe na Forbartha Pleanála: Críochnaíodh Córas nua comhtháite Bainistithe na Forbartha Pleanála a cheannach. Cuireadh tús le Córas nua Bainistithe Airgeadais a chur i bhfeidhm. Beidh tionchar aige seo ar bhreis agus 400 úsáideoir ar fud na Stiúrthóireachtaí ar fad de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí agus beidh sé i bhfeidhm faoi dheireadh 2023. Is éard a bheidh i gceist leis ná roinnt córas nua a chur i bhfeidhm in áit na seanchóras, dá leithéidí Taisteal & Cothabháil, Ranníocaíochtaí Forbartha Pleanála & córas nua Dlí Rátaí. Cé go n- aistreofar Sonraí airgeadais, cuirfear go leor de i gcartlann i gcóras a a tugadh isteach in 2021.

Foireann CRM / GIS Rinne Foireann CRM/GIS na nithe seo a leanas i gcomhar leis na réimsí gnó le linn 2022:

• Tacaíocht a thabhairt don chóras CRM, córas bainistithe iarratais seirbhíse MS Dynamics chun bainistiú sruthlínithe cásanna a cheadú. Cothaíonn sé seo comhsheasmhacht i seachadadh comhéadan custaiméara agus leagan amach aontaithe cáis chun forbairt fhéideartha a dhéanamh amach anseo. Chuir sé sin ar ár gcumas in 2022 dhá thionscadal nua níos éasca a chur i bhfeidhm,

| 84

Powered by