[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Réiteach um Chothabháil Tithíochta ar Léas Fadtéarmach a forbraíodh ar CRM agus córas nuashonraithe agus feabhsaithe bainistithe Cásanna Bóthair. • Cruthaíodh agus seachadadh tairseach nua ar líne d’iarratais seirbhíse do chomhaltaí tofa. Cuireann sé seo ar chumas comhaltaí tofa iarratais seirbhíse a logáil ar líne ar thairseach nua CRM thar ceann na dtoghthóirí, rud a chuireann lenár néal-leagan de CRM, Microsoft Dynamics. Beidh a p(h)róifíl féin ag gach Ball Tofa ar thairseach CRM príobháideach agus slán lenar féidir iarratais seirbhíse a bhainistiú agus a chuirfidh bealach dinimiciúil amháin isteach i gcóras bainistithe seirbhíse CRM Chomhairle Cathrach Chorcaí. Déanfar iarratais seirbhíse ó chomhaltaí tofa a nuashonrú i bhfíor-am ar an tairseach agus beidh rochtain 24/7 ag comhaltaí tofa ar an bhfaisnéis seo ar an tairseach. • Tacaíocht CRM d'Oifigigh Limistéir Tithíochta. Is féidir le hoifigigh Limistéir Tithíochta iarratais seirbhíse ón Aonad Seirbhíse do Chustaiméirí (CSU) a bhainistiú ar CRM anois • Cuireadh cumas cianoibre Gníomhairí CSU (Aonad Seirbhíse do Chustaiméirí) i bhfeidhm go hiomlán ag baint úsáide as ríomhairí glúine agus an leagan ar líne dár CRM gan gá le logáil isteach sa Líonra Príobháideach Fíorúil (VPN). Cumasaíonn sé seo soghluaisteacht agus oibriú iomlán an CSU in imeachtaí tromchúiseacha rabhaidh dearga. • Tugadh tacaíocht leanúnach don CSU in 2022 le breis agus 800 glao in aghaidh an lae ar an CSU agus seachadadh tionscadail Shraith 1 ar an treochlár CRM arna chomhaontú ag grúpa stiúrtha an CRM. • Tuairisciú Power BI maidir le Tithíocht, Cothabháil Tithíochta, Bóithre agus CSU • DocuSign – 920 clúdach litreach seolta. • Tairseach Comhairliúcháin – Tacú le breis is 200 úsáideoir inmheánach agus 4512 ball den phobal. In 2022 bhí 39 Comhairliúchán agus 15 iarratas ar an Tairseach • Déantar deaiseanna GIS a chothabháil agus a nuashonrú go dinimiciúil, is é sin na deaiseanna léarscáilithe um fhreagairt an phobail agus ceadúnais itheacháin lasmuigh (cruthaíodh é seo in 2021). Cruthaíodh réitigh nua léarscáilithe freisin lena n-áirítear Léarscáil Thionscadail Bhonneagair Chorcaí & Suirbhéanna Úsáide Talún. • Forbraíodh Mol Pleanála SED do Chomhairle Cathrach Chorcaí chun tacú le seachadadh an phlean forbartha cathrach agus saineolas ábhar curtha leis ag TFC ar GIS • Uasghrádú ar an Réiteach GIS corparáideach ArcGIS - Deasc/Freastalaí/Stóras Sonraí/Tairseach/Ar Líne • Clárlann Maoine nua bunaithe ar GIS a sholáthar agus a chur i bhfeidhm • Soláthraíodh Réiteach nua um Foláirimh Chorparáideacha Comhlíonadh ITC Chomhordaigh an fhoireann na gníomhaíochtaí comhlíonta seo a leanas thar ceann na Roinne TFC: - Pleanáil Leanúnachais Ghnó (BCP) Rinneadh obair shuntasach ar Phleanáil Leanúnachais Gnó le haghaidh cibear-imeachta. D'fhorbair an Roinn TFC Dréacht-BCP don eagraíocht, a dhéileáil le gach gné de sheachadadh seirbhíse i gcás cibear-imeachta. D'fhorbair gach ceann de na stiúrthóireachtaí gnó é seo go cúramach. Tástáladh an dréacht-BCP le linn tasc boird agus rinneadh leasuithe chun an leagan deiridh a fheabhsú bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh.
Tuairisciú Airgeadais/Corparáideach Chuir an Roinn TFC roinnt príomhthuarascálacha isteach i rith na bliana: - • Athbhreithnithe míosúla agus ráithiúla an Phríomhfheidhmeannaigh • Plean Bliantúil Seachadta Seirbhísí • Aighneacht NOAC
| 85
Powered by FlippingBook