Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Daoine agus Forbairt í Eagra í ochta Bainistiú Daoine

D’éirigh le foireann na dTionscadal AD roinnt tionscadal suntasach AD a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm lena n-áirítear ár mBeartas um Obair Chumaiscthe, foilsiú na Tuarascála ar Bhearna Pá Inscne 2022, feabhsuithe ar phróiseas gnó agus uasghráduithe ar an gCóras Faisnéise AD. Obair Chumaiscthe D’éirigh linn obair chumaiscthe a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach sé mhí le linn 2022 agus is gné é seo anois dár gcreat roghanna oibre solúbtha. Socruithe d’Oibre Sholúbtha Cuireann Comhairle Cathrach Chorcaí raon leathan roghanna oibre solúbtha agus saoire ar fáil do gach fostaí, lena n-áirítear saoire cúramóra, sosanna gairme, saoire íoctha mháithreachais agus uchtála, saoire íoctha atharthachta, saoire thuismitheora, saoire thuismitheoireachta, scéimeanna bliana oibre níos giorra agus comhroinnt oibre. Staitisticí faoi Bhearna Pá Inscne 2022 Ag teacht leis an Acht um Fhaisnéis ar Bhearna Pá Inscne 2021, is é 2022 an chéad bhliain a thug Comhairle Cathrach Chorcaí tuairisc ar an mbearna pá inscne. Tá comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú fite fuaite i gcónaí leis an tslí a oibrímid. D’fháiltíomar roimh an deis tuairisc a thabhairt ar ár mbearna pá inscne agus d’oibríomar i gcomhar ar fud na hearnála chun cur chuige caighdeánach agus comhsheasmhach a sholáthar maidir le tuairisciú. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí ag déanamh a díchill nósmhaireacht eagraíochtúil ilchineálach agus chuimsitheach a chruthú a sholáthraíonn comhionannas deiseanna agus lena mothaíonn gach comhghleacaí go bhfuil meas air nó uirthi. Tá an Tuairisc ar Bhearna Pá Inscne 2022 ar fáil ar ár suíomh idirlín. Foghlaim agus Forbairt Táimid meáite ar dheiseanna leanúnacha foghlama agus forbartha a chur ar fáil ionas gur féidir le gach fostaí a lánacmhainneacht a fhorbairt. Spreagtar gach fostaí go gníomhach chun deiseanna oideachais a thapú tríd an Scéim Chúnaimh Oideachais, agus tá saoire staidéir agus scrúduithe ar fáil freisin. Fuair 50 ball foirne maoiniú chun a gcuid oideachais a fheabhsú in 2022. Ina theannta sin, leanamar den infheistiú i leibhéal suntasach oiliúna sláinte agus sábháilteachta don fhoireann. Clár Oiliúna Ceannaireachta do Mhná Le dhá bhliain anuas, ghlac 17 bhfostaí páirt sa chlár “Women in Leadership – Building Your Potential” de chuid Cooperation Ireland, ar tionscnamh é de chuid Fhóraim Uile-Oileáin na nÚdarás Áitiúil. Is comhpháirtíocht straitéiseach é an fóram atá comhdhéanta de Phríomhfheidhmeannaigh ó Chumann na bPríomhfheidhmeannach Údaráis Áitiúil, NI (SOLACE NI) agus Príomhfheidhmeannaigh ón gCumann Bainistithe Contae agus Cathrach (CCMA). Gradaim Fadseirbhíse don Fhoireann Tháinig imeacht na nGradam Fadseirbhíse, ar tionscnamh é de chuid ár gCoiste Comhpháirtíochta san Ionad Oibre, ar ais i mí Dheireadh Fómhair 2022 tar éis dhá bhliain a uireasa mar gheall ar COVID-19. Shroich 35 ball foirne an chloch mhíle os cionn 40 bliain seirbhíse agus shroich 55 ball foirne breis agus 30 bliain seirbhíse idir 31 Nollaig 2019 agus 31 Nollaig 2021. Mar chuid d’ócáid na ngradam fadseirbhíse, rinneadh bronnadh freisin ar fhostaithe a chuaigh ar scor le linn 2020, 2021 agus 2022 chun ócáid a scoir agus an cion oibre a rinne siad don chathair agus do shaoránaigh Chorcaí le linn a seirbhíse a cheiliúradh.

| 89

Powered by