[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
SPC Tithíochta Cuimsíonn an clár oibre don CPS seo beartas tithíochta a chur le chéile, a fhorbairt agus a athbhreithniú maidir le heaspa dídine. Forbairtí straitéiseacha tithíochta Glacadh le beartas nua m.sh. maidir le hinacmhainneacht, scéimeanna leithdháilte tithíochta agus beartas bainistithe eastáit SPC Bóithre agus Iompair Áirítear ar obair an SPC seo beartas a bhaineann le páirceáil, le fodhlithe luais, le straitéisí rothaíochta agus siúil a chur le chéile, a fhorbairt agus a athbhreithniú. Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Chorcaí. Bonneagar caipitil a fhorbairt, pleanáil iompair, saincheisteanna iompair phoiblí. Plean Chorcaí um Shábháilteacht ar Bhóithre SPC Timpeallachta, Uisce & Taitneamhachta Clúdaíonn an clár oibre don SPC seo beartas a chur le chéile, a fhorbairt agus a athbhreithniú maidir le faoiseamh ó thuilte agus cosaintí ó thuilte. Staidéir tionchair timpeallachta agus pleananna bainistithe dramhaíola. Talmhaíocht, ionaid adhlactha agus reiligí. Athchúrsáil, athrú aeráide, forbairt inbhuanaithe. Glanadh sráide, rialú bruscair, draenáil agus cóireáil fuíolluisce. Beartas um an bhfearann poiblí, páirceanna agus spásanna oscailte. SPC um Fhorbairt Straitéiseach, Gheilleagrach, Fiontar & Pleanáil Áitítear ar an gclár oibre don SPC seo beartas a bhaineann leis an gCiste Forbartha Uirbí, pleananna, le pleananna ceantair áitiúil/máistirphleananna/pleananna reachtúla ceantair, le miondíol i lár na cathrach, le Plean Straitéiseach Cheantar Chorcaí, le tuarascálacha beartais, le struchtúir chosanta, le láithreáin tréigthe a chur le chéile, a fhorbairt agus a athbhreithniú. Forbairt cheantar dugaí Chorcaí, Plean Forbartha na Cathrach, forbairt fiontar, beartas forfheidhmithe pleanála, agus an plean gníomhaíochta torainn. SPC um Pobal, Cultúr & Cothú Áite Áirítear ar an gclár oibre don SPC seo beartais a bhaineann leis na healaíona a chur le chéile, a fhorbairt agus a athbhreithniú - deontais Ealaíon, deontais phobail, deontais spóirt, ina measc Plean Éire Ildána, An tseirbhís leabharlainne, an tseirbhís dóiteáin agus sábháilteacht phoiblí agus sábháilteacht struchtúr agus áiteanna. An Clár Feidhmíochta Pobail um Uilechuimsitheacht Shóisialta (SICAP) Forbairt na n-ealaíon agus an chultúir, áiseanna spóirt, bainistiú imeachtaí, trádáil sráide agus margaí, an scéim ranníocaíochtaí forbartha, Cathracha Foghlama UNESCO, agus imeachtaí dá leithéidí GLOW, an Oíche Chultúir agus SeaFest. SPC um Chaidreamh Idirnáisiúnta 7 Turasóireacht Áirítear ar chlár oibre an SPC seo tuairiscí ó Chuairteanna, Iarratais ar Chleamhnais, comhpháirtíochtaí cathrach, Cláir Mhaoiniúchain AE, Forbairt Turasóireachta, Margaíocht, Cur Chun Cinn na Cathrach. Tá raon comhoibrithe an-táirgiúil ag Corcaigh lenár gcomhchathracha in Köln, Rennes, Abertawe, Coventry, San Francisco agus le Shanghai, Hangzhou, Wuxi agus agus Shenzhen na Síne.
An Clr Tony Fitzgerald Cathaoirleach
An Clr Des Cahill Cathaoirleach
An Clr Dan Boyle Cathaoirleach
An Clr Fergal Dennehy Cathaoirleach
An Clr Ken O'Flynn Cathaoirleach
An Clr Derry Canty Cathaoirleach
| 94
Powered by FlippingBook