Tá Lá Oscailte Oidhreachta Chorcaí ar an saol 21 bliain i mbliana. Ó thosach beag agus gan ach 30 foirgneamh rannpháirteach agus 5,000 cuairteoir, eagraíodh Lá Oscailte Oidhreachta Chorcaí le clár imeachtaí Chathair an Chultúir 2005 a mharcáil. Anois, 21 bliana ina dhiaidh sin, tá breis agus 40 foirgneamh rannpháirteach i Lá Oscailte Oidhreachta Chorcaí, le clár fairsing imeachtaí ar siúl i gcaitheamh an lae, agus beagnach 23,000 duine ag cur spéise ann. Is í Comhairle Cathrach Chorcaí a eagraíonn an imeacht mar chuid de Sheachtain na hOidhreachta i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta agus le hurraíocht na meán ó an Echo agus C103 Déantar an imeacht seo a eagrú go hiomlán beagnach ar bhonn deonach le húinéirí na bhfoirgneamh stairiúla, agus pobail áitiúla ag saothrú saor in aisce. Baineann an rath atá ar an imeacht leis na daoine ar leo na foirgnimh a osclaíonn a ndoirse dá ndeoin féin gach bliain le ceadú don phobal spléachadh ar fháil ar oidhreacht thógtha ar leithligh Chathair Chorcaí. Gan flaithiúlacht úinéirí na bhfoirgneamh seo, ní fhéadfaí an imeacht seo a chur ar siúl. corkheritageopenday.ie
2
Powered by FlippingBook