An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Tosaíocht straitéiseach #1 - Ealaín do chách

Tosaíocht straitéiseach #1 - Ealaín do chách

#1

Ealaín do chách

Cuspóirí

Torthaí

1

Deiseanna éagsúla a chinntiú chun a bheith rannpháirteach sna healaíona agus sa chultúr a chuimsíonn cineálacha ealaíne traidisiúnta agus nua, a thugann tosaíocht do chaighdeán an eispéiris agus an léiriúcháin agus a mbaineann tarraingt leathan agus shainiúil leo.

Tá meascán ilghnéitheach imeachtaí agus eispéireas ealaíon agus cultúir ag spreagadh rannpháirtíocht mhór an phobail.

Sprioc

Níos mó daoine a spreagadh agus a chumasú ar fud ár bpobail go léir chun teacht a bheith acu ar ealaín agus taitneamh a bhaint aisti

2

Comhpháirtíocht le páirtithe leasmhara na cathrach lena n-áirítear seirbhísí ealaíon agus cultúir, oideachais, sláinte agus pobail chun fáil réidh le bacainní le rannpháirtíocht sna healaíona agus sa chultúr.

Éagsúlacht níos leithne daoine i gcomhthéacsanna difriúla ag baint eispéiris as an ealaín ina saol.

3

Comhghrúpaí inár gcathair i mbun eispéiris ealaíon agus chultúir dá gcuid féin agus dóibh.

Tionscnaimh a chothú agus a fhorbairt a dhíríonn ar ghrúpaí sonraithe lena n-áirítear leanaí agus daoine óga, daoine atá faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus pobail faoi thearc-ionadaíocht.

Tá an ceart ag gach duine páirt a ghlacadh i saol cultúir an phobail, chun taitneamh a bhaint as na healaíona agus páirt a ghlacadh sa dul chun cinn eolaíoch agus sna tairbhí a bhaineann leis. Airteagal 27 den Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine

4

Léiríonn na daoine a dhéanann, a tháirgeann agus a rialaíonn na healaíona agus an cultúr i gCorcaigh déimeagrafach na cathrach.

Éagsúlacht bhreise a chothú i measc lucht saothair ealaíon agus cultúir Chathair Chorcaí, lena n-áirítear ealaíontóirí agus lucht gairme eile ealaíon.

An chúis leis an sprioc seo?

a cheiliúrann an éagsúlacht mar chroílár na cruthaitheachta’ sna blianta atá romhainn amach. Oibreoimid lena chinntiú go léireoidh na daoine a bhíonn i mbun na n-ealaíon i gCorcaigh, a fhreastalaíonn orthu, a tháirgeann agus a rialaíonn iad sinne na linne seo, agus go dtugann an ealaín a dhéantar agus a chuirtear i láthair i gCorcaigh deis do gach guth, cultúr agus eispéireas. Déanfaimid amhlaidh agus cúram á dhéanamh againn tacú le gníomhaíocht agus rannpháirtíocht na n-ealaíon agus an chultúir ar fud ba cathrach leathnaithe.

Is ceart daonna é a bheith in ann chun páirt a ghlacadh i saol cultúir do phobail agus taitneamh a bhaint as na healaíona. Aithníonn Ealaín do Chách é seo. Sonraímid anseo é ina thosaíocht straitéiseach, ina fhócas dár gcuid oibre. Is prionsabal é an ealaín do chách chomh maith a threoraíonn gach rud a dhéanaimid. Chuige sin is cúis bhróid dúinn é Cairt ‘Arts for All’* Chorcaí a shíniú agus táimid ag tnúth le fís na Cairte a chur chun cinn, is é sin ‘cathair atá oscailte, inrochtana agus uilechuimsitheach d’aon ghnó i dtaobh na n-ealaíon agus

5

Freastal ar acmhainn chultúir agus ar riachtanais athraitheacha na cathrach, agus go háirithe ar chomharsanachtaí, bailte agus pobail nua Chorcaí.

Tá straitéis spáis ag treorú ár bhfócais agus ár n-infheistíochta ar fud chomharsanachtaí uirbeacha, fo- uirbeacha agus tuaithe Chathair Chorcaí.

* Is comhghuaillíocht atá lonnaithe i gCorcaigh é ‘Arts for All’ de dhaoine aonair, deghrúpaí agus d’eagraíochtaí atá meáite ar uilechuimsitheacht, ar éagsúlacht agus archomhionannas sna healaíona.

20

21

Powered by