An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Tosaíocht straitéiseach #2 - Spás don ealaín

Tosaíocht straitéiseach #2 - Spás don ealaín

#2

Spás don ealaín

Cuspóirí

Torthaí

1

Cuspóirí ábhartha i bPlean Forbartha na Cathrach a chur chun cinn, go háirithe cuspóirí faoi Cuspóirí Straitéiseacha 2, 6, 7 agus 9, chun na healaíona agus an cultúr a neadú i bpróisis phleanála agus forbartha na Comhairle Cathrach.

Gealltanais i bPlean Forbartha na Cathrach atá sainiúil agus ábhartha do bhonneagar ealaíon agus cultúir á gcur i gcrích.

Sprioc

Áiteanna agus spásanna don ealaín sa chathair a bheith optamaithe agus leathnaithe againn

2

Bonneagar cultúir reatha na Comhairle a chosaint agus a fheabhsú agus féachaint lena thionchar ar na healaíona agus ar an gcultúr a uasmhéadú.

Déantar bonneagar ealaíon agus cultúir Chomhairle Cathrach Chorcaí mar acmhainn inbhuanaithe, éifeachtach a chosaint amach anseo.

3

An teacht a bhíonn ar spásanna buana, sealadacha agus eatramhacha a mhéadú de bhun comhoibriú le páirtithe leasmhara na cathrach agus mar fhreagra ar riachtanais spáis na n-ealaíon agus an chultúir agus iad ag athrú.

Teacht níos mó a bheith ar raidhse spásanna a fhreastalóidh ar riachtanais shonraithe.

An chúis leis an sprioc seo?

an chultúir, forbróirí príobháideacha, gníomhaireachtaí rialtais agus reachtúla.

Tá Cathair Chorcaí ag fás agus ag athrú. Dá réir sin, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go ndéantar na healaíona fisiciúla agus an bonneagar cultúir a chothú agus a leathnú chun freastal ar riachtanais na cathrach atá ag athrú agus chun a huaillmhianta ealaíon agus cultúir a sheachadadh. Éilíonn an sprioc seo réitigh nuálacha ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha agus comhiarrachtaí na bpáirtithe leasmhara lena n-áirítear an Chomhairle, earnáil na n-ealaíon agus

4

Obair a dhéanamh chun spás cruthaithe ealaíon a fhorbairt i lár na cathrach.

Faomhadh pleananna forbartha do shaoráid chruthaithe ealaíon i gCathair Chorcaí.

Sna cúig bliana amach romhainn, in éineacht leis na mórfhorbairtí caipitil atá beartaithe don Lárionad Imeachtaí agus d’Áiléar Crawford, déanfaimid deiseanna a fhiosrú agus a chothú d’fhonn cur le spás don ealaín ar bhealach inbhuanaithe ar fud na cathrach. Bainfimid leas, go háirithe, as an deis aitheanta do na healaíona agus don chultúr a bhaineann le hathghiniúint lár na cathrach.

5

Meicníochtaí agus dreasachtaí seachadta a iniúchadh agus a chur chun cinn chun áiseanna ealaíon agus cultúir a chur san áireamh i bpleananna athfhorbartha agus athghiniúna.

Áiseanna ealaíon agus cultúir a bheith á gcur san áireamh ag céim luath an deartha i dtionscadail athfhorbartha agus athghiniúna.

24

25

Powered by