An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Tosaíocht straitéiseach #3 - Ealaín san fhearann poiblí

Tosaíocht straitéiseach #3 - Ealaín san fhearann poiblí

#3

Ealaín san fhearann poiblí

Cuspóirí

Torthaí

1

Straitéis ealaíne poiblí a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm a thugann ár gcur chuige maidir le coimisiúnú ealaíne poiblí le chéile agus a chuireann cleachtas uaillmhianach agus nuálaíoch chun cinn, cleachtas atá faoi stiúir ealaíontóirí agus a bhfuil an pobal rannpháirteach ann.

Athraíodh ó bhonn an dearcadh i leith na healaíne poiblí mar gheall ar chaighdeán, ar nuálaíocht agus ar raon na dtionscadal a coimisiúnaíodh i gCathair Chorcaí.

Sprioc

Lár na cathrach agus ár gcomharsanachtaí a bheith beoite le healaín a léiríonn agus a cheiliúrann cé sinn féin Sainmhíniú ar Ealaín Phoiblí Is féidir le healaín phoiblí a bheith ina cineál ar bith, pé acu aonchineálach nó ilchineálach, cuir i gcás amharcealaín, rince, scannán, litríocht, ceol, ceoldrámaíocht, amharclannaíocht agus ailtireacht; lena n-áirítear gach gné de chleachtas comhaimseartha na n-ealaíon amhail taibhiú, ealaín bheo, ilmheán, ealaín físe, ealaín fuaime, etc. Féadfaidh saothair faoin scéim a bheith ar siúl ar feadh tréimhse ar bith, pé acu sealadach nó buan, agus is féidir iad a dhíriú ar chúinsí uirbeacha nó tuaithe. Aistriú ar shlioch as an Public Art Per Cent For Art Scheme 2004. Treoirlínte Ginearálta Náisiúnta, An Roinn Comhshaoil

2

An leas is fearr is féidir a bhaint as an scéim Per Cent for Art a i bhfianaise an chathair a bheith i mbéal forbartha.

Coimisiúnú ealaíne poiblí san áireamh i ngach tionscadal forbartha caipitil de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí.

3

Tacaíocht a chur ar fáil gus áisitheoireacht a dhéanamh do chumas na hearnála ealaíon agus cultúir eispéiris uaillmhianacha ealaíon ar ardchaighdeán a chur ar fáil do mhuintir na cathrach agus do chuairteoirí i bhfearann poiblí na cathrach.

Earnáil ealaíon agus chultúir Chorcaí a bheith ag táirgeadh gníomhaíochtaí ealaíon a bhfuil tionchar agus samhlaíocht ag baint leo i spásanna poiblí a chothaíonn mórtas agus muintearas chomh maith le tarraingteacht shainiúil na cathrach.

4

Deiseanna do chláir ealaíon agus chultúir a leathnú agus a éagsúlú laistigh d’imeachtaí suntasacha atá an chathair a stiúradh.

Feabhsaítear eispéireas an phobail i gcás imeachtaí sainiúla Chathair Chorcaí, agus déantar infheistíocht ar mhaithe leis an gcathair agus lena pobail ealaíon agus cultúir.

An chúis leis an sprioc seo?

n-ealaíon faoin aer i gCathair Chorcaí agus cothóimid eispéiris ealaíon den scoth san fhearann poiblí, ar fud gach cineáil agus cleachtais ealaíne, agus cinnteoimid cuir chuige atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Táimid ag tnúth le cuidiú le spásanna poiblí Chorcaí a dhéanamh sábháilte, tarraingteach agus uilechuimsitheach, chun go mbainfidh gach duine taitneamh astu.

Is í an uaillmhian atá againn an ealaín a bheith infheicthe agus ar fáil do gach duine a chónaíonn agus a oibríonn i gCorcaigh nó a thugann cuairt uirthi. Ba mhaith linn mórtas agus sceitimíní a chruthú faoinár gcathair agus cur lena beocht. Díreoimid ar thrí réimse oibre: ealaín phoiblí; féilte faoin aer, ealaíona sráide agus imeachtaí; agus cothú cruthaitheach áite inár bpobail. Tógfaimid ar thraidisiún láidir na

5

Deiseanna cearta inbhuanaithe a chothú le haghaidh rannpháirtíocht sna healaíona agus sa chultúr i gcomharsanachtaí, i mbailte agus i bpobail ar fud na cathrach.

Níos mó pobal i gceannas ar ghníomhaíochtaí cuimsitheacha ealaíon ina gceantar.

28

29

Powered by