An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Tosaíocht straitéiseach #4 - Cathair d’ealaíontóirí

Tosaíocht straitéiseach #4 - Cathair d’ealaíontóirí

#4

Cathair d’ealaíontóirí

Cuspóirí

Torthaí

1

A chinntiú go dtacaíonn ár straitéis infheistíochta mar is cuí le healaíontóirí agus leo siúd a chuireann cleachtas ealaíon chun cinn sa chathair.

Tacaítear le healaíontóirí chun saothair a dhéanamh atá ar ardchaighdeán, mór, uaillmhianach agus tábhachtach.

2

Deiseanna agus conairí forbartha gairme a chruthú agus a leathnú a dhéanann áisitheoireacht d’ealaíontóirí agus do lucht gairme ealaíon chun a gcleachtas agus a n-uaillmhianta gairme a chur chun cinn, rud atá ag teacht le tionscnaimh earnála.

Tá an t-eolas, na scileanna agus na caidrimh ghairme a bheith ag ealaíontóirí agus ag lucht gairmiúil ealaíon a mhéadaíonn a gcumas chun gairmeacha beatha inbhuanaithe a chruthú.

Sprioc

An cultúr agus na coinníollacha a fhágann gur Cathair d’Ealaíontóirí í Corcaigh curtha chun cinn againn

3

Comhpháirtíocht leis an earnáil oideachais tríú leibhéal chun acmhainní a uasmhéadú, líonraí a mhéadú agus tacú le fás agus deiseanna cultúir sa chathair.

Tá nasc le hinstitiúidí tríú leibhéal na cathrach ag cur go follasach le héiceolaíocht ealaíon agus chultúir na cathrach agus ag tacú le saolré slite beatha ealaíontóirí.

An chúis leis an sprioc seo?

4

A chinntiú go ndéantar riachtanais ealaíontóirí agus lucht gairmiúil ealaíon a mheas i scéimeanna úsáide measctha bonneagair phobail, tithíochta agus spás oibre cruthaithí.

Úsáidí ealaíon agus cultúir ina gcuid de dhearadh forbairtí nua cathrach.

éiceolaíocht chothaitheach ealaíon agus chultúir.

Sa bhliain 2005 bhí Corcaigh ina Chathair Chultúir na hEorpa. Chothaigh an t-ainmniúchán sin mórtas agus meas dár gcathair, rud a thug aitheantas dár n-oidhreacht shaibhir ealaíon agus chultúir agus dár gcleachtais fhorásacha, chomhaimseartha. Bhaineamar sult as Corcaigh 2005 agus chuireamar lena oidhreacht sin ó shin, agus ba mhaith linn leanúint ar aghaidh ag déanamh ceiliúradh ar Chorcaigh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar chathair ealaíne agus chultúir. Ba mhaith linn, go háirithe, gur chathair í Corcaigh inar féidir le healaíontóirí maireachtaint agus saothrú; ina bunáit ónar féidir leo slí bheatha a chothú, le tacaíocht ó

Sna cúig bliana atá romhainn, glacfaimid céimeanna tábhachtacha chun an cultúr agus na cúinsí a bhaint amach a dhaingneoidh Cathair Chorcaí mar bhaile tarraingteach agus féideartha d’ealaíontóirí agus do lucht gairme na n-ealaíon. Chothóimid buanna Chathair Chorcaí mar chathair oscailte chomhdhlúite chruthaitheach, a hainmniú mar Chathair Foghlama UNESCO, agus a bonneagar ardfhorbartha oiliúna ealaíon chun an sprioc sin a bhaint amach.

5

Ról na dtionscal cultúir agus cruthaitheach a thuiscint maidir le cur le Corcaigh mar chathair d’ealaíontóirí.

Tá creat againn chun acmhainn thionscail chruthaitheacha Chorcaí a chur chun cinn d’fhonn deiseanna léiriúcháin agus fostaíochta ealaíon agus cultúir a leathnú agus a éagsúlú.

32

33

Powered by