An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Tosaíocht straitéiseach #5 - Acmhainn agus tionchar

Tosaíocht straitéiseach #5 - Acmhainn agus tionchar

#5

Acmhainn agus tionchar

Cuspóirí

Torthaí

1

Straitéis infheistíochta a fhorbairt a chinnteoidh go n-infheistítear airgead poiblí go héifeachtach chun tosaíochtaí ealaío nagus cultúir na Comhairle a bhaint amach.

Tá tionchair infheistíocht na Cathrach sna healaíona agus sa chultúr follasach, luachmhar agus taifeadta.

2

A chinntiú go bhfuil saineolas, cumas agus acmhainní na hOifige Ealaíon ag teacht le huaillmhian na straitéise seo.

Tá an fhoireann agus an bonn eolais agus scileanna ag cinntiú go gcuirfear an straitéis i gcrích go héifeachtach.

Sprioc

An t-eolas, na scileanna agus an acmhainn a bheith ag an gComhairle Cathrach agus ag earnáil na n-ealaíon lenár n-uaillmhianta comhroinnte do na healaíona agus don chultúr i gCorcaigh a bhaint amach.

3

Inbhuanaitheacht earnáil na n-ealaíon agus an chultúir a chur chun cinn trí thacaíochtaí agus trí thionscnaimh chun cumas rialachais agus ceannaireachta a neartú. Na healaíona agus cultúr i gCathair Chorcaí a chothú agus tacú le forbairt lucht féachana trí chumarsáid ghníomhach, ábhartha agus rannpháirtíocht phoiblí.

Tá earnáil na n-ealaíon agus an chultúir i gCathair Chorcaí láidir, seasmhach agus in acmhainn a todhchaí a chinntiú.

4

Tá níos mó daoine ar an eolas faoi raon iomlán na ngníomhaíochtaí ealaíon agus cultúir sa chathair, baineann siad eispéireas astu agus tá meas acu orthu.

5

Taighde a dhéanamh chun tionchair agus luach na n-ealaíon agus an chultúir ar Chathair Chorcaí a thuiscint.

Tá fianaise ag cur bonn eolais faoinár dtosaíochtaí agus faoinár

An chúis leis an sprioc seo?

gcinnteoireacht chun na healaíona agus an cultúr a chur chun cinn i gCathair Chorcaí.

a chothú faoina luach i saol na ndaoine agus sa chathair.

Tá cur i gcrích ár dtosaíochtaí straitéiseacha ag brath ar dhíograis agus ar acmhainn na hOifige Ealaíon, earnála na n-ealaíon agus an chultúir agus na Comhairle féin. Thar thréimhse na straitéise seo déanfaimid infheistíocht i ndaoine, in eolas agus i dtacaíocht chun ár n-uaillmhianta comhroinnte a spreagadh agus a chumasú do na healaíona agus don chultúr i gCathair Chorcaí. Táimid ag tnúth le haird ar na healaíona agus ar an gcultúr i gCorcaigh a fheabhsú agus le tuiscint atá bunaithe ar fhianaise

Chuige sin, i bhfianaise an tionchair ainnis a bhí ag an ngéarchéim dhomhanda shláinte ar earnáil na n-ealaíon agus an chultúir, i mblianta tosaigh na straitéise seo go háirithe, tacóimid leis an earnáil i ndáil le téarnamh agus le hathnuachan. Tá inbhuanaitheacht na n-ealaíon agus an chultúir ríthábhachtach do shaol agus do bheocht na cathrach.

6

Leas a bhaint as deiseanna a eascraíonn as nithe atá ag teacht le straitéis Éire Ildána Chathair Chorcaí.

Chuir infheistíocht lenár gcumas tionchar a imirt ar chleachtas na

n-ealaíon i réimsí na hóige, an phobail, na sláinte agus na haeráide go háirithe.

7

Comhiarracht earnáil na n-ealaíon agus an chultúir agus na Comhairle Cathrach agus páirtithe leasmhara eile cathrach a chothú agus a chumasú chun an straitéis seo a bhaint amach.

Tá comhchuspóir agus comhiarracht ag spreagadh dul chun cinn sna healaíona agus sa chultúr sa chathair.

36

37

Powered by