Plean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí 2026–2029
Dúshraith Phlean Gaeilge Chathair Chorcaí – (Réimsí Beartais Ábhartha)
Is iad beartais agus luachanna a léiríonn meas ar an gceart atá ag daoine chun a dteanga dhúchais a chosaint, a chur chun cinn, agus a choinneáil beo a threoraíonn an plean seo. Sna luachanna seo aithnítear go soiléir na tairbhí cultúir, ealaíonta, teanga, oideachais, sóisialta agus geilleagracha a shníonn as an nGaeilge. Mhúnlaigh agus chothaigh an Ghaeilge ár bhféiniúlacht náisiúnta, ár n-íomhá dínn féin, ár sochaí agus cothaíonn sí caidreamh le daoine a chuaigh ar imirce ó Éirinn trína féidir leo dáimh a chothú le hoidhreacht agus le féiniúlacht na tíre seo in ainneoin a bheith ina gcónaí i bhfad ó bhaile. Tuigtear sa phlean seo freisin an mhaitheas a dhéanann an Ghaeilge d’ionchuimsiú agus d’imeascadh sa chathair seo s’againne a bhfuil pobal an-éagsúil ann faoin am seo. Beidh ailíniú beartas ríthábhachtach chun leas a bhaint as an nGaeilge a ghlacadh isteach go dinimiciúil i dtaithí laethúil daoine agus iad ag úsáid Gaeilge ar fud na cathrach i dtimpeallachtaí éagsúla. Beifear tacaithe sa mhéid sin ag idirghníomhaireachtaí ar chaighdeán maith agus ag an earnáil phobail agus dheonach.
1. Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme na SFIanna agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (“Transforming our World”).
8. Plean Corparáideach Chomhairle Cathrach Chorcaí
Ár Luachanna
Cur Chuige Duinelárnach Pléimid le daoine go cothrom cúirtéiseach pras. Bímid de shíor ag iarraidh feabhsú. Freagracht Táimid cuntasach agus trédhearcach agus gníomhaímid go freagrach i mbun gnóthaí agus i ndéanamh cinntí
Leas an phobail Soláthraímid seirbhísí ar ardchaighdeán agus freastalaímid ar riachtanais daoine ar bhealach atá ionchuimsitheach agus cothrom. Iontaoibh agus Ionracas Bímid ionraic, oscailte agus cothrom i ngach a ndéanaimid. Meas Caithimid go cothrom le gach duine agus aird chuí againn ar a riachtanais agus a gcearta.
2. Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Nuálaíocht Bímid de shíor ag triail cineálacha cuir
3. Acht na dTeangacha Oifigiúla (Arna Leasú), 2021
4. Straitéis Náisiúnta Teanga 2010-2030
chuige forásacha agus cruthaitheacha i leith na seirbhísí a sholáthraímid
5. Plean Náisiúnta Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030
9. Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Chathair Chorcaí (PÁEP) 2024-2029 (Let’s Plan Together)
6. Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028
7. An tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, Alt 42 (Comhionnanas san Earnáil Phoiblí agus Dualgas i leith Chearta an Duine a Chur i bhFeidhm).
10. Plean Gníomhaíochta i leith
Lár Chathair Chorcaí a Athnuachan
29
Powered by FlippingBook