Plean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí

Plean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí 2026–2029

ceoil do dhaoine fásta, scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge, Ciorcail Chomhrá agus imeachtaí Gaeilge ar fud na cathrach. Ina theannta sin, is léir ón gcaoi a bhfuilimid tar éis Lá na Gaeilge a dhéanamh den lá roimh Lá Fhéile Pádraig, an 16 Márta, a thiomanta agus atáimid do gach duine, is cuma más beagán nó mórán Gaeilge atá acu, a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh gan ceann faoi a theacht orthu agus ar bhealach spraíúil agus a bheith in ann é sin a dhéanamh i ngach uile ghné de shaol na cathrach. Léiriú is ea an plean cur chun feidhme seo ar a thiomanta is atáimid don Ghaeilge a fhorbairt agus do spriocanna intomhaiste a leagan síos chun cúrsaí Gaeilge a fheabhsú i gcaitheamh shaolré an phlean seo.

Réamhrá an Phríomhfheidhmeannaigh

Tá an Ghaeilge ina dlúthchuid dár bhféiniúlacht agus den tuiscint atá againn ar cad is pobal, comhoibriú agus forbairt gheilleagrach ann. Níos mó agus níos mó tá an Ghaeilge ina cuid thábhachtach d’obair an rialtais áitiúil agus an rialtais láir. Maidir leis an bhfreagracht atá ar Chomhairle Cathrach Chorcaí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge, tá sí tiomanta dá cur chun cinn agus cloí léi. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí go gníomhach i mbun a cuid oibleagáidí faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 a chur i bhfeidhm. Is mór ag an gComhairle an caidreamh atá aici le hoifig an Choimisinéara Teanga. Ag an am céanna, tá Comhairle Cathrach Chorcaí i mbun an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí i ngníomhaíochtaí na Comhairle trí leas a bhaint as na pobail ar a bhfreastalaíonn sí, na pobail nua atá tagtha chun cónaithe linn san áireamh agus iad tar éis dúil mhór a léiriú sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí tar éis leas a bhaint as an nGrúpa Forbartha Gaeilge (coiste de chuid na Comhairle ar a bhfuil comhaltaí tofa ó na páirtithe uile) chun tionscnaimh Ghaeilge a mhaoiniú. Ar na tionscnaimh sin tá ranganna for-rochtana

I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

Leis an bplean seo tá Comhairle Cathrach Chorcaí ag iarraidh dul chun cainte le comhlachtaí earnála poiblí eile agus leis an earnáil pobail chun obair ar scáth a chéile chun cur leis an rochtain atá ar sheirbhísí Gaeilge agus iad a dhéanamh níos feiceálaí ar fud na cathrach. Tá ag méadú ar an éileamh atá ar sheirbhísí Gaeilge i measc an phobail, agus go deimhin, déanann daoine slán de go ndéanfar beart de réir na hardaidhme atá ag bailiú nirt le tamall anuas: is é sin, cathair dhátheangach a dhéanamh de chathair Chorcaí. Táim ag tnúth le cur i bhfeidhm agus athbhreithniú an phlean seo sna ceithre bliana atá romhainn agus táim tiomanta dóibh.

Valerie O’ Sullivan, Príomhfheidhmeannach

7

Powered by