Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht
inmharthana ó thaobh airgeadais. Mar sin, oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí le hAerfort Idirnáisiúnta Chorcaí chun aontú ar mháistirphlean d’fhorbairt an aerfoirt, lena n -áireofar gné de thailte fostaíochta.
Riachtanas Talún Fostaíochta Straitéiseach
7.40 Fuair an SELS amach go bhfuil 650 heicteár de thalamh zónáilte fostaíochta i gCathair Chorcaí, a bhfuil 417 heicteár de sin neamhfhorbartha. Mar sin féin, tá 63% de na tailte neamhfhorbartha seo scaipthe thar chúig shuíomh (Tivoli, Cill Barra, Baile an Chollaigh, Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí agus CSIP), agus tá conairí forbartha fadtéarmach ag gach ceann acu. Tá sé mar aidhm ag an bPlean Forbartha seo tosaíocht a thabhairt do seo i gcreat forbartha níos réadúla a áirítear leis athbhreithniú a dhéanamh ar na láithreacha fáis thuas go léir. 7.41 Bunaithe ar an SELS a chuireann dea-chleachtas idirnáisiúnta i bhfeidhm maidir le fás post a thrasuíomh isteach i gceanglas talún zónáilte agus a thugann cuntas ar thalamh zónáilte breise chun éascú le suas le 4,000 post a sciúradh amach anseo ó cheantair athnuachana lena n-áirítear Ceantar na nDugaí na Cathrach, Tivoli agus ceantair faoi thionchar athnuachana mar Bhóthar na Trá Móire, tá an Plean Forbartha bunaithe ar íos-sprioc talún fostaíochta zónáilte de 207 heicteár chun freastal ar riachtanais fostaíochta a bhaineann le hoifigí, le tionscal déantúsaíocht agus le tionscal éadrom. 7.42 Tá na Láithreáin Straitéiseacha Fostaíochta seo a leanas molta ar fud na Cathrach. • Páirc Eolaíocht agus Nuálaíocht Chorcaí: Agus dinimic na forbartha eacnamaíche ag forbairt á chur san áireamh beidh comhdhéanamh beartaithe an CSIP comhdhéanta de 35 heicteár d’úsáid fostaíochta, agus zónáil tailte chun freastal ar leathnú MTU, soláthar spásanna oscailte agus soláthar tithíochta fadtéarmach. • Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí: Aithníonn Comhairle Cathrach Chorcaí an tábhacht atá le hAerfort Idirnáisiúnta Chorcaí mar phríomhspreaghtóir do Réigiún an Deiscirt. Tá gá ann na foinsí ioncaim an aerfoirt a éagsúlú lena chinntiú go leanann sé de bheith Láithreáin Straitéiseacha Fostaíochta
Mar sin féin, ní dócha go ndéanfar forbairt ar na tailte seo thar thréimhse an phlean mar gheall ar shrianta bonneagair. • Baile an Chollaigh: Is féidir le talamh lastuaidh de Bhóthar an Chaisleáin meascán úsáidí a sheachadadh, lena n- áiritear úsáidí fostaíochta mar chuid d’fhorbairt chuimsitheach ardchaighdeáin. • Tivoli: Cumasóidh an chéad chéim d’fhorbairt Tivoli meascán d’úsáidí fostaíochta agus cónaithe ag taobh thiar an láithreáin. 7.43 Sainaithníodh tailte breise mar shuíomhanna féideartha fostaíochta d’’fhonn tacú le cuimsiú sóisialta, infheistíocht straitéiseach a mhealladh agus leas a bhaint as deiseann eacnamaíocha ar bhealach inbhuanaithe. Tá siad seo leagtha amach sna táblaí ar na leathanaigh seo a leanas. 7.44 San iomlán, forálann an Plean Forbartha do thar ar 207 heicteár de thalamh fostaíochta neamhfhorbartha zónáilte (gan criosú miondíola san áireamh) lena n-áirítear liúntas fostaíochta ó thograí laistigh de Lár na Cathrach, Lár na mBailte, Láir Cheantair agus láithreáin úsáide measctha thar an tréimhse go dtí 2028.
235
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook