Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

Páirc Eolaíochta agus Nuálaíochta Chorcaí Tacú le seachadadh Páirce Eolaíochta agus Nuálaíochta Chorcaí chun cruthú agus leathnú fiontair bunaithe ar oifige agus saotharlainne i nua réimsí nuálaíochta / taighde agus forbartha, eolaíochta, taighde agus forbairt acadúil, taighde agus oiliúint cúram sláinte a sholáthar. Tacú le leathnú MTU d’úsáidí oideachais agus taighde agus chun spás oscailte poiblí agus spóirt a ionchorprú in éineacht le roinnt úsáidí bonneagair. Ba cheart go mbeadh forbairt an tsuímh ag teacht leis na prionsabail is fearr a bhaineann le comhfhorbairt áite, ag soláthar braistint áite, ag uasmhéadú deiseanna chun aiseanna spáis oscailte éighníomhacha agus gníomhacha a ionchorprú. Ba Cheart dó machnamh a dhéanamh ar na prionsabail is fearr a bhaineann le forbairt inbhuanaithe amhail córais inbhuanaithe draenála (SUDS), forbairt atá neodrach ó thaobh carbóin, agus coincheapa an champais ghlais. Go fadtéarmach, tithíocht a chur ar fáil siar ó thuaidh ón suíomh.

Oifigí Ginearálta Fo- uirbeacha

Beidh aonaid oifigí ginearálta os cionn 1,00sqm oscailte lena mbreithniú i Zóin Gnó agus Teicneolaíochta fo-uirbeacha, agus aird chuí á tabhairt ar an straitéis fostaíochta, infhaighteacht suíomhanna oiriúnacha eile i Lár na Cathrach agus limistéir úsáide measctha tadhlach i gCeantar na nDugaí, agus measúnú ar an dtionchar féideartha na forbartha ar Lár na Cathrach. Beidh infhaighteacht iompair phoiblí ardcháilíochta ina fachtóir freisin chun cumas na suíomhanna seo a chinneadh chun forbairt oifige níos déine a ghlacadh. Beidh oifigí ginearálta ar oscailt lena mbreithniú in Láir Cheantair an gcoinníoll go bhfuil gach aonad oifige os cionn 1,000sqm agus go bhfuil réimse iomlán na n-oifigí oiriúnacha do scála an ionaid aonair, faoi réir uasmhéid ginearálta de 20,000sqm d’oifigí in aon ionad amháin .

Príomhshuíomhanna Oifige Tacóidh an Chomhairle Cathrach le forbairt Lár na Cathrach agus Ceantar na nDugaí mar phríomhsuíomhanna le haghaidh forbairt oifige ginearálta ar ord níos airde sa réigiún cathrach. Glactar le haon scála d’oifigí ginearálta i Lár n a Cathrach, agus glacfar le hoifigí ginearálta os cionn 400sqm i zóin úsáide measctha an Cheantair na nDugaí.

251

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by