Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

Teicneolaíocht agus Tionscal Oifigbhunaithe

Fóillíocht Tráchtála Spreagadh a thabhairt do raon leathan gníomhaíochtaí fóillíochta tráchtála i suíomhanna tábhachtacha agus in áiteanna oiriúnacha ar fud na cathrach.

Tacú le forbairt gnólachtaí ardteicneolaíochta i gCeantar Lárnach Tráchtála Lár na Cathrach, sa Cheantair na nDugaí agus sna Zóin Gnó agus Teicneolaíochta.

Tionscal Éadrom Limistéir atá zónáilte do thionscal éadrom le haghaidh úsáidí dá leithéid a chosaint chun soláthar imleor de spás tionsclaíochta éadrom agus fostaíochta a chothabháil chun cabhrú le raon éagsúil deiseanna fostaíochta a chinntiú sa chathair.

Gníomhaíochta Eacnamaíochta Baile Gníomhaíochtaí eacnamaíocha baile a cheadú nuair is féidir, de bharr a nádúir agus a scála, freastal orthu gan dochar d’áiseanna na gceantar cónaithe.

Úsáidí Tionscail a Scinceáil ó Limistéir Athghiniúna

Tacaíocht a thabhairt do agus éascaíocht a dhéanamh ar úsáidí tionscalaíochta ó Cheantair na nDugaí Chorcaí (Dugaí Cathracha agus Dugaí Tivoli) chuig láithreacha fostaíochta straitéiseacha zónáilte níos oiriúnaí. Áirítear leis seo tacaíocht a thabhairt d’áititheoirí i gceantair thionsclaíocha reatha atá faoi thionchar athbheochana in aice leis Lár na Cathrach, mar Bhóthar na Trá Móire, chun iad a athlonnú go láithreacha níos oiriúnaí agus níos solúbtha in áiteanna eile i gCathair Chorcaí.

Aonaid Oibre Beo Forbairt na n- aonad ‘Obair Beo’ a bhfuil ar a gcumas freastal orthu a chur chun cinn agus a spreagadh gníomhaíochtaí geilleagracha baile i gceantair timpeall Lár na Cathrach/Ceantar na nDugaí agus suíomhanna forbartha inbhuanaithe eile mar Láir Bhaile/ Cheantair/Comharsanachta/Áitiúil nó gar dóibh.

252 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by