Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht
Cairéil agus Acmhainní Tathagaithe Aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach is féidir leis an tionscal eastósctha mianraí agus tathagaithe a imirt trí aon chúltaisce tathagaithe agus mianraí a chosaint ar fhorbairt a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar a n-úsáid. Ní cheadófar eastóscáin a laghdódh taitneamhacht amhairc na gceantar ardtaitneamhachta nó damáiste do limistéir a bhfuil tábhacht eolaíoch leo. Ní cheadófar iad ach oiread má dheanann siad damáiste do limistéir lena mbaineann tábhacht gheolaíoch, luibheolaíoch, zó-eolaíoch agus nádúrtha eile, lena n-áirítear gach Laithreán Eorpach ainmnithe nó má bhíonn tionchar díobhálach acu ar thaitneamhachtaí cónaithe. Beidh aird ag an Údarás Pleanála ar na Treoirlínte d’Údaráis Phleanála do Chairéil agus Gníomhaíochtaí Coimhdeacha (RCORÁ, 2004) agus iarratais a bhaineann leis an tionscal astarraingthe á measúnú.
Geilleagar Muirí
Tacú le Geilleagar Muirí Chathair Chorcaí agus an réigiún níos leithne trí: Thacú le haistriú gníomhaíochtaí an Chalafoirt ó Tivoli agus ó Cheantar na nDugaí go Cuan Chorcaí. Tacú le Geilleagar Muirí Chathair Chorcaí agus an réigiúin níos leithne trí thaighde agus forbairt, nuálaíocht agus seirbhísí gairmiúla a thacaíonn leis an ngeilleagar muirí a éascú.
Geilleagar Tuaithe Inbhuanaithe
Oibriú le heagraíochtaí geallsealbhóirí agus le grúpaí ionadaíocha agus le pobail tuaithe chun forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe oiriúnach, cruthú post agus seirbhísí tacaíochta inár gcúlchríoch tuaithe a chur chun cinn agus a éascú. Áirítear leis seo tacú le cur i bhfeidhm straitéis an Rialtais; ‘Ár dTodhchaí Tuaithe; treoirphlean an Rialtais chun an tuath in Éirinn a bhunathrú’ (Márta 2021).
Na hEalaíona Cruthaitheacha
Tacú le fás agus le leathnú na dtionscal cruthaitheach agus na n-ealaíon i gCathair Chorcaí lena n-áirítear soláthar nua a spreagadh spásanna oibre mar chuid d’fhorbairtí ilúsáide agus ag tacú leis an bpoitéinseal do spásanna oibre.
Geilleagar na Tuaithe a Éagsúlú Geilleagar tuaithe níos dinimiciúla a éascú trí thacú le nuálaíocht agus éagsúlú i réimsí lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, giniúint fuinnimh in- athnuaite ag láithreacha agus scálaí cuí, turasóireacht inbhuanaithe, an bithgheilleagar, geilleagar ciorclach, fiontar sóisialta, tionscail cheardaíochta agus giniúint bia inbhuanaithe.
253
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook