Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

i. Féachaint le bainistiú a dhéanamh, nuair is cuí, ar aon mhéadú ar líon na gcuairteoirí chuig príomhgháthóga agus / nó aon athrú ar iompar cuairteoirí chun éifeachtaí suntasacha a sheachaint, lena n-áirítear caillteanas gnáthóige agus suaitheadh, trína chinntiú go bhfuil tionscadail agus gníomhaíochtaí nua suite achar oiriúnach ó íogaireachtaí éiceolaíochta. D’fhéadfadh go mbeadh Pleananna Bainistíochta Cuairteora / Gnáthóg ag teastáil le haghaidh tionscadal molta nuair is ábhartha agus mar is cuí.

Cuspóir 7.25 Turasóireacht Inbhuanaithe Tacú le fás inbhuanaithe turasóireachta agus margaíochta Chathair Chorcaí mar cheann scríbe ilghnéitheach do chuairteoirí agus mar thairseach chuig an réigiún theas, Slí an Atlantaigh Fhiáin agus Oirthear Ársa na hÉireann trí: a. hOibriú i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile chun tacú le hinfheistíocht turasóireachta, nuálaíochta agus promóisin agus straitéisí margaíochta a chur chun cinn; b. Thacú le cur i bhfeidhm Straitéis Turasóireachta Chathair Chorcaí 2017- 2022, an Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail-2016-2021 ( Pure Cork) agus na straitéisí a thiocfaidh i gcomharbhacht orthu a chur i bhfeidhm freisin; c. Tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Ceann Scríbe Turasóireachta do Chathair Chorcaí agus Chorcaigh Thoir; d. Na nithe is díol spéise do thurasóirí atá ann cheana féin a fhorbairt, agus infheistíocht á lorg ag an am ceánna i nithe is díol spéise do thurasóirí a chuideoidh le héagsúlú a dhéanamh ar mhargadh na turasóireachta; e. Tacú le forbairt áiseanna cultúrtha mar Dhánlann Crawford agus Ionad Imeachtaí Chorcaí; f. Tacú le tionscnaimh a fheabhsaíonn inbhuanaitheacht na turasóireachta, agus tacaíocht éiceathurasóireacht chomh maith le laghdú ar lorg carbóin lóistín, nithe is díol spéise do thurasóirí agus gníomhaíochtaí; g. Tacú le tograí, tionscnaimh agus treoirthionscadail ardchaighdeáin a léiríonn deiseanna chun saoráidí agus nithe is díol spéise do chuairteoirí a sholáthar. Síneann sé seo freisin chuig tograí a úsáideann teicneolaíocht chun eispéiris na gcuairteoir a fheabhsú agus chun cabhrú le léirmhíniú agus loingseoireacht agus a fhéachann le giaráil níos fearr a dhéanamh ar ghréasán bonneagair ghlais agus ghoirm na cathrach mar nithe is díol spéise do thurasóirí;

Lóistín Cuairteora

Meascán lóistín turasóireachta a spreagadh lena n-áirítear óstáin, brúnna, Leaba is Bricfeasta, agus Tithe Aíochta chun freastal ar mhargadh turasóireachta leathan. Spreagadh a thabhairt d’fhorbairt raon roghanna lóistín nua agus feabhsaithe do chuairteoirí i gCathair Chorcaí. Áirítear leis seo oibriú le páirtithe leasmhara chun deiseanna a fhiosrú chun áiseanna páirceála do veain champála a sholáthar le haghaidh tréimhsí gearrthéarmacha.

254 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by