Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht

Cuspóirí Mhiondíola Straitéiseacha

Láir Cheantair agus Lár Bhaile Uirbeach Bhaile an Chollaigh Tacú le beogacht agus inmharthanacht Láir Cheantair agus Láir Bhaile Uirbeacha Bhaile an Chollaigh trína nádúr úsáide measctha a fheabhsú agus a chinntiú go soláthraíonn siad raon cuí feidhmeanna miondíola agus neamh-mhiondíola atá oiriúnach do riachtanais na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad. Chomh maith le miondíol, caithfidh úsáidí pobail, cultúrtha, cathartha, fóillíochta, bialanna, tithe tábhairne agus caiféanna, siamsaíocht, fostaíocht agus cónaithe a bheith san áireamh sna láir seo. Ó thaobh miondíola, ba chóir go mbeadh an bhéim ar shiopadóireacht chomparáideach áise agus chuí (ord níos ísle), chun príomhaíocht Lár Chathair Chorcaí a chosaint. Tabharfar tacaíocht freisin d’fhorbairt Láir Cheantair ag Baile an Mhulláin, sna Ceantair na nDugaí Theas agus Cnoc an Chuilinn chun freastal ar riachtanais laethúla a ndaonraí reatha agus/nó pleanáilte dobharcheantair

Tacú le hullmhú Chomhstaidéar agus Straitéis Mhiondíola Cheantar Cathrach Chorcaí le Comhairle Chontae Chorcaí agus tacú leis an Ordlathas Miondíola agus é a chur i bhfeidhm maidir le ról na n-ionad miondíola a shainiú, in ullmhú pleananna agus measúnú a dhéanamh ar mholt aí forbartha d’fhorbairt mhiondíola . Ról Lár Chathair Chorcaí mar phríomhionad miondíola i gCeantar Cathrach Chorcaí a chothabháil agus a neartú. Chun athléimneacht Lár Chathair Chorcaí a chinntiú in aghaidh treochtaí athraitheacha in éileamh miondíola. Spreagfar deiseanna cuí chun Lár na Cathrach a éagsúlú tuilleadh mar áit chónaithe, oibre agus áit ar féidir le daoine bhualadh le chéile. Beogacht agus inmharthanacht Láir Cheantar, Láir Bhaile Uirbeacha agus Láir Chomharsanachta/Áitiúla a chur chun cinn agus tacú lena bhforbairt mar ionaid ilfheidhmeacha a sholáthraíonn éagsúlacht úsáidí a chomhlíonann riachtanais na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad.

Láir Bhaile na Blarnan agus Blarney Ghleann Maghair Tacaíocht, cur chun cinn agus cosaint a dhéanamh ar Láir Bhaile Uirbeach na Blarnan agus Ghleann Maghair, a bhfuil ról tábhachtach acu sa ról siopadóireachta áitiúil do chónaitheoirí agus a sholáthraíonn raon seirbhísí agus áiseanna riachtanacha ó lá go lá. Chun tacú le fás daonra pleanáilte sna hionaid seo, is féidir roinnt forbartha miondíola breise ar scála agus méid cuí a dhíriú chuig na hionaid seo.

Lár na Cathrach Ról Lár Chathair Chorcaí mar phríomhionad miondíola i gCeantar Cathrach Chorcaí agus an réigiún a chosaint agus a fheabhsú trí éascú a dhéanamh ar athnuachan agus nuachóiriú leanúnach ar an stoc foirgneamh atá ann cheana féin agus trí thacú le forbarit nua cuí, in éineacht le raon úsáidí comhlántacha cónaithe, fóillíochta, áineasa agus cultúrtha agus infheistíocht san fhearann poiblí.

256 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by