Caibidil 7 I Geilleagar agus Fostaíocht
Siopaí Beaga Áitiúla Tacaíocht a thabhairt do shiopaí beaga áitiúla, iad a chur chun cinn agus a chosaint, lena n- áirítear siopaí cúinne a sholáthraíonn seirbhís thábhachtach mhiondíola ag leibhéal áitiúil. Ba cheart go bhfreastalódh aon shiopaí áitiúla nua ar riachtanas áitiúil amháin agus go mbeadh siad ar mhéid agus ar scála nach ndéanfaí dochar do shláinte na lár in aice láimhe atá sainithe laistigh den ordlathas miondíola agus faoi réir chosaint taitneamhachta cónaithe.
Láir Chomharsanachta agus Áitiúla Tacaíocht, cur chun cinn agus cosaint a thabhairt do Láir Chomharsanachta agus Áitiúla a bhfuil ról tábhachtach acu sa ról siopadóireachta áitiúil do chónaitheoirí agus a sholáthraíonn raon seirbhísí agus saoráidí riachtanacha ó lá go lá. Tá mar aidhm aige freisin tacú le agus éascaíocht a dhéanamh ar ainmniú Láir Chomharsanachta agus Áitiúla nua áit a bhfuil fás suntasach breise daonra beartaithe nó áit a n-aithnítear bearna inléirithe sa soláthar reatha, faoi réir chosaint taitneamhachtaí cónaithe an cheantair máguaird agus go ndéantar freastal leordhóthanach orthu ag iompar inbhuanaithe. Ba chóir go léireodh tograí oiriúnacht an tsuímh trí Thástáil Sheicheamhach, go léireodh siad tionchar miondíola agus go ndéanfaí soláthar do mheascán úsáidí a hoireann do scála an láir.
257
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook