Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 8 I Oidhreacht, Na hEalaíona agus Cultúr

8.33 Tá sé tábhachtach a aithint go gcaomhnófar agus go bhfeabhsófar limistéir uirbeach stairiúla agus tírdhreacha deartha. Tarlóidh athruithe agus síntí ar struchtúir atá ann cheana féin, athfhorbairt ar shuíomhanna nach bhfuil feidhm leo agus diansaothrú úsáidí mar fhreagra ar athruithe eacnamaíocha agus sóisialta de réir mar a bheidh an chathair ag athrú. 8.34 Féachann ainmniú limistéar mar Limistéir Chaomhantais Ailtireachta leis na cáilíochtaí reatha a chosaint mar chud den phróiseas forbartha atá ag teacht chun cinn agus lena chinntiú go bhfreagraíonn forbairt nua don timpeallacht stairiúil ar bhealach a chuireann luachanna nua lenár gcuid ama féin.

8.36 Ba cheart go dtabharfadh forbairtí nua i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta aird ar na patrúin forbartha atá ann cheana féin, ar shainfhoirmeacha ailtireachta na cathrach agus ara úsáid shainiúil ábhar. Mar sin féin, táthar ag súil go léireodh forbairt nua cleachtas ailtireachta comhaimseartha go ginearálta, agus gan é a bheith mar aidhm aithris a dhéanamh ar stíleanna foirgnimh stairiúla. Cúnamh do Struchtúir agus Foirgnimh faoi Chosaint i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta 8.37 Cabhróidh Comhairle Cathrach Chorcaí le húinéirí / bainisteoirí le comhairle caomhantais agus, faoi réir acmhainne gairmiúla agus airgeadais, trí thacaíochtaí eile, lena n-airítear trí scéimeanna spriocdhírithe deontais a oibriú, mar Scéim Deontais na Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta, nó deontais eile nó dreasachtaí cánach ar fáil go háitiúil.

Forbairt i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta

8.35 Tá sé mar aidhm ag ainmniú Limistéar

Chaomhantais Ailtireachta forbairt a spreagadh i gceantair stairiúla a chuireann ardchaighdeán dearaidh chun cinn agus mionsonraí, ag cur le deilbhíocht stairiúil Chathair Chorcaí, stíleanna ailtireachta éagsúla agus úsáid ábhar, ach a chuireann cáilíochtaí nua leis ónár gcuid ama féin, ag cur lena féiniúlacht na cathrach atá ag forbairt.

270

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by