Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 8 I Oidhreacht, Na hEalaíona agus Cultúr

8.38 Cuireann na tithe feirme, na teachíní, na ballaí cloiche agus gnéithe áitiúla eile a tháinig roimh leathnú bruachbhailteach na cathrach agus na mbailte laistigh de theorainn na cathrach le carachtar agus le hómós áite an cheantair. Beidh toimhde ann in aghaidh struchtúir dá leithéid a scartáil a bhfuil spéis dúchasach nó staire / sóisialta ag baint leo agus a chur le carachtar agus le féiniúlacht ceantair. Ba cheart tosaíocht a thabhairt dá n-athúsáid. Foirgnimh Aonair le Carachtar i Limistéir Bhruachbhailte, Bailte agus Sráidbhailte 8.39 Is chuid lárnach an tírdhreacha uirbigh go leor gnéithe neamhstruchtúracha mar ghnéithe cúirtealáiste, gairdíní stairiúla, ballaí cloiche, obair iarainn stairiúla, plaiceanna agus troscán sráide (boscaí poist, trachanna capaill, mullaird feistithe agus céibheanna, obair iarann stairiúil, srl.) a chuireann tagairtí suntasacha stairiúla ar fáil a chuireann le féiniúlacht na cathrach agus a cúlchríoch. Beidh sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí gnéithe tábhachtacha na hoidhreachta thógtha agus a shuíomhanna a chosaint mar is cuí. Eilimintí den Oidhreacht Thógtha a Chuidíonn leis an Féiniúlacht & Ómós Áite

Sócmhainní agus Seirbhísí Cultúrtha Pobail

Seirbhís Chartlainne Chathair agus Chontae Chorcaí

8.40 Tá Seirbhís Chartlainne Chathair agus Chontae Chorcaí (CCCAS) á hoibriú ag Comhairle Cathrach Chorcaí agus á soláthar i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae Chorcaí agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá CCCAS freagrach as oidhreacht chartlainne agus faisnéise Chorcaí a chaomhnú agus chur ar fáil. Tá bailiúchán CCCAS ar cheann de na sócmhainní oidhreachta cultúrtha agus faisnéise is mó agus is tábhachtaí i gCorcaigh, ag cur síos ar go leor gnéithe de stair shóisialta, pholaitiúil, thráchtala agus chultúrtha Chorcaí. Tá ról lárnach ag CCCAS i saol cultúrtha na cathrach agus an chontae trí thaighde a éascú, tacú le foghlaim, feasacht ar stair agus oidhreacht áitiúil Chorcaí a chur chun cinn, agus tacú le cuimhne na sochaí, an daonlathas agus riarachán poiblí. Leanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí ag tacú le forbairt na Cartlainne Cathrach.

Seirbhís Leabharlainne

8.41 Tá an tseirbhís Leabharlainne lárnach i saol cultúrtha, sóisialta agus oideachais na cathrach le beagnach 130 bliain. Le líonra de 10 leabharlann, in 2019 d’eisigh na seirbhísí leabharlainne 919,161 mír fhisiceach agus íoslódálacha, d’óstáil siad 805,422 cuairt agus sholáthair siad rochtain ar 120 ríomhaire poiblí. Tá ár leabharlanna go léir ina bpríomhchodanna de na pobail ar a bhfreastalaíonn siad agus is spásanna inrochtana agus fáilteacha iad do dhaonra éagsúil na cathrach, ag cothú cothromaíochta idir acmhainní priontáilte agus digiteacha agus ag soláthar spásanna sábháilte do gach aois le bualadh le chéile agus le foghlaim. Tá iniúchadh gníomhach á dhéanamh ar an bhféidearthacht Leabharlann Cathrach úrscothach a fhorbairt, chomh maith le leabharlann phobail shaintógtha a chur ar fáil i gceantar na Dúcharraige / Mhachan agus athchóiriú na leabharlainne pobail i mBaile na

271

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by