Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Pleanáil Cheantair Áitiúil

Áit do Dhaoine

10.27 Soláthraíonn an Plean seo polasaí straitéiseach a bheidh mar bhunús d’fhorbairt Dhuganna na Cathrach. Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí (CCiC) le máistirphleananna dearaidh uirbigh a ullmhú do Dhuganna na Cathrach chun an straitéis dearadh uirbigh d’fhorbairt an cheantair a nuashonrú. Ullmhófar Creatphlean straitéiseach chun treoir a thabhairt do dhearadh tionscadal bonneagair, máistirphleanáil agus treoir dearaidh ar fud na nDuganna Theas. Ina theannta sin, ullmhófar máistirphlean na nDuganna Thuaidh chun forbairt na nDuganna Thuaidh a chomhtháthú leis an mbonneagar a theastaíonn le go bhfeidhmeodh Stáisiún Cheannt mar mhol iompair. Ullmhóidh Comhairle Cathrach Chorcaí Máistirphleananna Ceantar Carachtair chun forbairt suíomhanna nó ceantair aonair i nDuganna na Cathrach a threorú. Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí nuashonrú freisin ar Pholasaí Straitéise Fearainn Phoiblí na nDugthailte le linn shaolré an Phlean seo. Déanfaidh CCiC dearadh agus pleanáil tionscadail an phríomhbhonneagair iompair, draenála, cosanta tuilte agus an fhearainn phoiblí do Cheantar Dugaí na Cathrach a chur chun cinn ag an am céanna le forbairt creata straitéise agus máistirphleananna eile. 10.28 Tá sé mar uaillmhian ag Comhairle Cathrach Chorcaí gur forbairt eiseamláireach é forbairt na nDuganna Cathrach. Beidh braistint áite láidir ag Dugaí na Cathrach bunaithe ar raon fachtóirí: • Uaillmhian eiseamláireach (féach Cuspóir 10.18); • Áit do dhaoine (féach Cuspóir 10.19); • An Laoi (féach Cuspóir 10.20); • Limistéir shaintréithe (féach Cuspóir 10.21); • Tógáil ar a uathúlacht (féach Cuspóir 10.22); • Comhtháthú ina thimpeallacht (féach Cuspóir 10.23); • Athléimneacht aeráide (féach Cuspóir 10.24); • Áiseanna ardchaighdeáin lena n-áirítear Páirc an Mhuiríne (féach Cuspóir 10.25); • Fearann poiblí d'ardchaighdeán agus príomhshráideanna (féach an rannán Fearainn Phoiblí agus Cuspóir 10.32 ).

10.29 Cuid lárnach d’fhorbairt Dhuganna na Cathrach is ea an uaillmhian sháraitheach go ndéanfar é a fhorbairt mar áit do dhaoine (féach Cuspóir 10.19). Beidh tionchar aige seo: • Straitéis talamhúsáide a fhéac hann lena chinntiú go mbeidh láithreacht láidir daoine agus gníomhaíochta ann gach lá, ag comhcheangal úsáidí cónaithe, pobail agus ceann scríbe; • Cur chun cinn gníomhach straitéis úsáide idir an dá linn chun daoine a spreagadh le teacht go Dugaí na Cathrach agus é a dhéanamh mar chuid dá n- eispéireas Cathrach, ag tabhairt próifíl eacnamaíoch agus daoine do Dhuganna na Cathrach ar féidir freagairt dó i bhforbairtí amach anseo; • Gach sráid agus spás a dhearadh sa chaoi is go n - uasmhéadaíonn siad luach cruthaithe áite agus go soláthróidh siad an t-ionad chun taitneamh a bhaint as na deiseanna a chuireann spásanna ar fáil, chun cruinnithe agus chun turais fheidhmiúla a dhéanamh; • Dearfar an réimse poiblí lena chinntiú go dtabharfar aird chomhionann ar gach aoisghrúpa agus go gcuirfear prionsabail dearaidh uilíoch i bhfeidhm; • Dearfar gach sráid chun an tosaíocht is airde a thabhairt do choisithe agus rothaithe, agus is Sráideanna Coisithe agus Rothaíochta go leor sráideanna.

An Laoi

10.30 Is í an Laoi príomhshócmhainn fhisiciúil Dhuganna na Cathrach, agus struchtúr de dhéantús an duine agus táirge de dhearadh cathartha ón ochtú agus sa naoú haois déag i leith an chonair abhann féin. Mar sin is sócmhainn oidhreachta tógtha é dorchla na habhann, beidh sé ina phríomhphointe fócais do dhaoine le bailiú agus le taitneamh a bhaint aisti, agus is sócmhainn bhithéagsúlachta é freisin. 10.31 Beidh ar spás na Laoi na nithe seo a leanas a chomhtháthú ina bhfearann poiblí: • Siúlbhealaí / rotharbhealaí straitéiseacha (“glasbhealaí”); • Limistéir Taitneamhachta Cois Cé (lena n-áirítear caitheamh aimsire éighníomhach agus gníomhach, suíocháin, pointí fócasacha, etc.);

318

Powered by