Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Fíor 10.3a: Coincheap Cheantar Carachtair Dugaí na Cathrach.

• Droichid agus a mbealach isteach / teannta; • Cosaintí tuilte atá comhtháite leis an bhfearann poiblí, agus a chuimsíonn oidhreacht an cheantair agus taitneamhacht na habhann; • Rochtain ar an abhainn chun leathnú suntasach ar ghníomhaíocht áineasa uiscebhunaithe a chumasú, ag léiriú oidhreacht chultúrtha Chorcaí; • Sócmhainní oidhreachta tógtha chun féiniúlacht na gcéanna / na ndugaí a choinneáil . 10.32 Déanfar an Laoi a fhrámú ag forbairt ar a taobh thuaidh agus theas. Ar Ché Uí Chinnéide coinneofar limistéar taitneamhachta an ché ag doimhneacht c.30m, rud a cheadóidh líne tógála na láithreán forbartha atá os comhair an ché a thabhairt ar aghaidh trí leithead athraitheach, agus faoi réir sócmhainní oidhreachta tógtha a choinneáil. Frámaeoidh an líne tógála ar Ché Horgan an spás atá mar Ché Horgan anois lena chinntiú go bhfuil Limistéar Taitneamhachta na Cé chomh domhain go leor chun raon riachtanas a sholáthar de réir straitéis an fhearainn phoiblí. Cuirfear Ceantar Taitneamhachta nua Cois Cé ar fáil mar chuid den fhorbairt lastoir de Shráid an Uisce .

Réimsí Carachtair

10.33 Tá Dugaí na Cathrach comhdhéanta de cheantair shaintréithe a gineadh trí Straitéis Fearainn Phoiblí na nDuganna 2012. Tugann na ceantair

shaintréithe seo deis struchtúr uirbeach comhtháite a sholáthar do Dhuganna na

Cathrach, agus a fhéiniúlacht féin agus cáilíochtaí dearaidh uirbigh ag gach ceantar. Léiríonn Fíor 10.3a agus 10.3b na réimsí ocht gcarachtar. Beidh a charachtar comhleanúnach féin ag gach ceantar, bunaithe ar a n-úsáid talún, dlús, airde foirgneamh, meascán tithíochta, fearann poiblí agus raon fachtóirí eile. Is féidir na ceantair shaintréithe a chur i bhfeidhm i gcéimeanna a cheadódh bonneagar a chéimniú chun freastal ar riachtanais gach ceantair.

319

Powered by