Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Limistéir Chreat Forbartha ag Bóthar Leo Uí Mhurchú (An Bóthar Ceangail ) 10.224 Is pointe iontrála suntasach agus bealach artaireach é an Nascbhóthar i mBaile an Chollaigh. Faoi láthair tá patrún forbartha neamhrialta den chuid is mó sa cheantar agus siopadóireacht chomparáideach ag baint le húsáidí tionsclaíochta éadroma agus eile. 10.225 Mar bhealach féideartha don Iarnród Éadrom molta cuireann an ceantar seo deis ar fáil chun pointe fócasach uirbeach a chruthú. Tugann creatphlean deis chun an ceantar seo den bhaile a athbheochan agus leideanna aeistéitiúla a chur ar fáil a thugann le fios go bhfuil tú ag teacht go dtí áit spreagúil agus tábhachtach. 10.226 D’fhéadfadh athnuachan nó feabhsú an cheantair seo radharc a fhrámú ar Bhaile an Chollaigh – foirgnimh shainchomhartha d’ardchaighdeán, meascán cuí d’fhorbairtí lena n -áirítear fostaíocht, oideachas agus cónaithe in éineacht le feabhsuithe infrastruchtúir agus comhshaoil, tírdhreachtú agus nascacht feabhsaithe do choisithe/rothaíocht agus iompar poiblí. cuirfidh sé cónaitheoirí agus cuairteoirí araon ar an eolas faoi na deiseanna tráchtála agus cultúrtha atá le tairiscint ag Baile an Chollaigh . 10.227 Molfaidh an Creat plean úsáide talún agus forbartha comhtháite a sheolfar i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha lena n-áirítear, úinéirí talún ábhartha, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Bonneagar Iompair Éireann.

Forbairt tailte idir Baile an Chollaigh agus bruachbhailte iarthar na Cathrach

10.228 Léiríonn na tailte idir Baile an Chollaigh agus

bruachbhailte iarthar Chathair Chorcaí, thart ar 220 heicteár, láthair fáis straitéiseach do Chathair Chorcaí mar gheall ar a shuíomh: - idir an Chathair agus Baile an Chollaigh ; • feadh an bhealaigh Idirthurais Iarnróid Éadrom atá beartaithe; • gar do sheirbhísí mar fhostaíocht, ardoideachas agus cúram sláinte; • cóngarach do Pháirc Eolaíochta agus Nuálaíochta Chorcaí atá molta . 10.229 Mar sin féin, éilíonn scála an láithreáin cur chuige máistirphleanála ildisciplíneach chun foráil a dhéanamh d’fhorbairt chuimsitheach agus chomhordaithe ar na tailte seo.

396

Powered by