Cuspóirí na mBailte Uirbeacha
5. Baile an Chollaigh
Forbairt Miondíola Bhaile an Chollaigh Comhdhlúthú a dhéanamh ar fhormhór na forbartha miondíola nua laistigh den Phríomhlimistéar Miondíola aitheanta. Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla nuair nach bhfuil aon láithreán oiriúnach ar fáil laistigh den Phríomhlimistéar Miondíola. Ní cheadófar miondíol aonair ar scála mór i gceantair eile i mBaile an Chollaigh
Le linn shaolré an Phlean seo, ullmhóidh Comhairle Cathrach Chorcaí straitéis athghiniúna agus réimse poiblí dírithe ar cheantar na Príomhshráide/ Times Square a athbheochan.
Ionad Siopadóireachta Taobh Thiar Bhaile an Chollaigh Tacú le hathfhorbairt fhadtéarmach ionad siopadóireachta an Taobh Thiar chun freastal ar fhorbairt chónaithe agus mhiondíola úsáide measctha.
Ceantar Leathnaithe Bhaile an Chollaigh Theas (Maglin). Tacú le dlúthfhás agus forbairt Cheantar Leathnaithe Bhaile an Chollaigh Theas mar limistéar straitéiseach comhdhlúthaithe agus leathnaithe na Cathrach, mar a shainaithnítear sa Chroí-Straitéis. Déanfar gach forbairt a dhearadh, a phleanáil agus a sheachadadh ar bhealach comhordaithe agus céimnithe, ag úsáid leagan amach agus meascán úsáidí atá mar chuid de chomharsanacht atá ag teacht chun cinn atá comhtháite leis an limistéar níos leithne.
397
Powered by FlippingBook