11. Fearann an Phiarsaigh
Foinse Íomhá: Plean Ceantair Áitiúil Chomhairle Cathrach Chorcaí.
10.323 Tá tábhacht shuntasach stairiúil agus ailtireachta ag baint le suíomh Fhoirgneamh Seimineáir Fhearann an Phiarsaigh agus Fhoirgnimh na Mainistreach Thuaidh agus a gcuid tailte cúirtealáiste. Bhí an láithreán seo ar áitiú ag foirgneamh Sheimineár Fhearann an Phiarsaigh ón 19ú haois déanach (1887) agus tailte tírdhreachtaithe. Is Struchtúr Cosanta é seo atá i riocht maith agus a choinníonn go leor dá bhunghnéithe inmheánacha. Tá Gaelscoil agus ionad oiliúna agus oideachais pobalbhunaithe ann faoi láthair. Tá na tailte tírdhreachtaithe gaolmhara i gcúirtealáiste an fhoirgnimh ar díol suntais ar leith iad ina bhfuil samplaí breátha de chrainn dhuillsilteacha aibí. Tá rochtain d’fheithiclí agus do choisithe ar an suíomh tríd an ascaill stairiúil atá suite in aice le Lover’s Walk . 10.324 Caithfidh aon fhorbairt bheartaithe, úsáid nó cóireáil sa todhchaí d'Fhoirgneamh an tSeimineáir agus Fhoirgnimh na Mainistreach Thuaidh, a gcúirtealáiste agus na tailte a ghabhann leo, meas a bheith acu ar úsáid seanbhunaithe an láithreáin. Ós rud é gur oibríodh na foirgnimh agus na tailte go stairiúil agus go leanann siad á léamh mar aonán aonair, tá sé tábhachtach go ndéanfaí iarrachtaí chun sainghné intreach na bhfoirgneamh a chaomhnú agus a chinntiú go gcomhtháthaíonn úsáidí sa todhchaí go híogair agus go cuí.
10.325 Mar gheall ar oidhreacht na bhfoirgneamh institiúideach seo mar acmhainn thábhachtach oideachais sa limistéar seo den Chathair agus an stádas cosanta a tugadh don láithreán roimhe seo mar atá leagtha amach i bPlean Ceantair Áitiúil Fhearann an Phiarsaigh 2009, tá sé mar chuspóir tosaíocht agus tacaíocht a thabhairt d’úsáid leanúnach an tsuímh. an foirgneamh mar ionad oideachais agus oiliúna don phobal máguaird. Síneann a leithéid de thogra le traidisiún seanbhunaithe agus is fearr a fheileann sé chun leagan amach agus príomhghnéithe seachtracha agus inmheánacha na bhfoirgneamh a chaomhnú sa todhchaí. Príomhriachtanas pleanála is ea úsáid reatha na mbunfhoirgneamh mar shaoráid oideachais/oiliúna gan chailliúint ar charachtar agus sláine an fhoirgnimh agus spreagfaí é a úsáid go leanúnach ar an gcoinníoll go síneann scála na gníomhaíochta thar urlár na talún chuig gach urlár os a chionn. 10.326 Tá go leor den limistéar sainithe mar Cheantar Ardluach Tírdhreacha sa Phlean Forbartha seo mar go bhfuil sé ar cheann de shraith dromanna a bhfuil ceannasacht radhairc orthu ar thaobh thuaidh na Cathrach. Is í an aidhm ná sainghné tírdhreacha speisialta agus taitneamhacht amhairc na gceantar seo a chaomhnú agus a fheabhsú ach a chinntiú go mbíonn an tírdhreach ceannasach ar gach forbairt agus go dtagann sí le carachtar an cheantair.
430
Powered by FlippingBook