Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cuspóirí Bruachbhailte na Cathrach

12. Fearann an Phiarsaigh

c. Beidh straitéis chaomhnaithe mhionsonraithe don fhoirgneamh, na tailte a ghabhann leis agus gnéithe eile a bhfuil luach stairiúil ag baint leo ar an láthair ag gabháil le haon mholadh forbartha a

Athfhorbairt Fhearann an Phiarsaigh a. Ní mór aon tograí maidir le hathfhorbairt a dhéanamh ar fhoirgnimh Fhearann an Phiarsaigh agus na Mainistreach Thuaidh agus na tailte a bhaineann leo a chur i gcomhthéacs máistirphlean comhaontaithe don láithreán. Ba chóir go mbeadh an máistirphlean seo de réir na gcuspóirí agus na treorach atá leagtha amach sa Phlean seo chun foirgnimh a bhfuil tábhacht stairiúil leo a chaomhnú. b. Ba cheart príomhfhoirgneamh Sheimineár Fhearann an Phiarsaigh a bhainistiú mar aonán amháin, mar ionad oideachais agus oiliúna de rogha. Ní mór d’aon úsáideoir/úsáideoirí an fhoirgnimh amach anseo a léiriú conas a oibreoidh an foirgneamh ar fad agus conas a eagrófar é. Go ginearálta ní ghlacfar le foroinnt an fhoirgnimh. Ba chóir gach modhnú seachtrach ar an bhfoirgneamh agus ar an taobh istigh a dhéanamh de réir an dea-chleachtais chaomhnaithe is airde .

bhaineann leis an bpríomhfhoirgneamh. Coinneofar na gairdíní agus na cosáin tírdhreachtaithe in situ agus tabharfar faoi

mhionphlean tírdhreachaithe agus suirbhé crann chun suíomh agus raon na speiceas ar an suíomh a chinneadh. Tabharfar faoi phlean bainistithe tírdhreachtaithe freisin. d. Beidh pleananna bainistithe soghluaisteachta ag gabháil le gach togra forbartha neamhchónaithe agus ionchorprófar iontu tograí chun modhanna iompair neamhcharranna a spreagadh, lena n- áirítear iompar poiblí. e. Ní mór Measúnú Tionchair Tráchta (TIA) mionsonraithe a bheith ag gabháil le haon mholadh forbartha. Beidh samhaltú tráchta i gceist leis an measúnú seo ar cheart tabhairt faoi i gcomhairle le Comhairle Cathrach Chorcaí. Tá an TIA seo lárnach maidir le scála, dlús agus leagan amach na forbartha ar an láthair a chinneadh agus an méid cuí páirceála gluaisteán ar an láthair.

431

Powered by