Beidh gá le tograí a fhorbairt trí phróiseas máistirphleanála, agus d’fhéadfadh an próiseas dearaidh don fhoirgneamh a bheith faoi réir Athbhreithniú Dearaidh. 11.48 Is féidir le foirgnimh arda cabhrú le daoine dul tríd an gcathair trí phointí tagartha a sholáthar agus béim a chur ar ordlathas áite, mar a phríomhionaid ghníomhaíochta, agus acomhail sráide tábhachtacha agus acomhail iompair. Is féidir le foirgnimh arda a bhfuil cáilíocht ailtireachta den scoth acu, agus iad suite i gceart, cur go dearfach le dreach na cathrach. Mar sin féin, is féidir leo drochthionchar amhairc agus comhshaoil a bheith acu freisin más rud é go bhfuil siad in áiteanna míchuí nó má bhíonn droch-chaighdeán dearaidh acu . 11.49 Tá Dugaí na Cathrach aitheanta ag Comhairle Cathrach Chorcaí mar limistéar straitéiseach d’fhoirgnimh arda i gCorcaigh. Tá ceithre chrios oiriúnach d'fhoirgnimh arda leagtha amach. Beidh na criosanna seo mar fhócas d’fhoirgnimh arda i nDuganna na Cathrach a sholáthróidh sainchomharthaí tíre don cheantar .
472
Powered by FlippingBook