Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

11.79

Aithníodh spriocanna Meascán Méid Áite do cheithre chineál éagsúla margaidh: 1. Lár na Cathrach; 2. Dugaí na Cathrach; 3. Limistéir Bhruachbhailte Chorcaí / Dugaí Tivoli; 4. Na Bailte Uirbeacha / Sráidbhailte Cúlchríche.

Meascán Méid Tí Ceanglófar ar gach iarratas pleanála d'fhorbairtí cónaithe nó d'fhorbairtí ilchineálacha ina bhfuil níos mó ná 50 áitreabh cloí leis an sprioc-mheascán de mhéideanna áitribh atá sonraithe i dTáblaí 11.3- 11.9, seachas i gcúinsí eisceachtúla. Beidh ar iarratais ar 10-50 áit chónaithe meascán de mhéideanna áitribh a sholáthar a bhainfidh leas as an tsolúbthacht a sholáthraíonn na raonta sprice maidir le méid na n-áitreabh a chuirtear ar fáil don fho-limistéar faoi seach. Beidh scéimeanna um Chóiríocht Sain-Thógtha do Mhic Léinn díolmhaithe ó spriocanna meascán méid áitribh. Sa chás go bhfuil sprioc le haghaidh lóistín mac léinn, agus gur féidir a léiriú go bhfuil soláthar déanta don éileamh seo laistigh den cheantar, is féidir an t-éileamh seo a athshannadh chuig méideanna eile áitribh de réir na sprioc- chomhréireanna coibhneasta. I gcás inar féidir fírinniú soiléir a sholáthar ar bhonn fianaise margaidh go bhfuil an t-éileamh/riachtanas ar mhéid sonrach teaghaise níos ísle ná an sprioc, cuirfear solúbthacht ar fáil de réir na raonta sonraithe.

11.80 Ní mór fianaise a sholáthar a thugann údar maith le soláthar ag ráta níos ísle ná an sprioc a shonraítear ar bhonn éilimh / riachtanas, lena n-áirítear fianaise margaidh agus an t-údarás tithíochta gur dhiúltaigh siad (nó CTC ceadaithe) an rogha chun na haonaid a fháil. Beidh ar iarratasóirí athbhreithniú piaraí neamhspleách ar shonraí margaidh a mhaoiniú chun bailíochtú na fianaise a chuirtear i láthair a chinntiú. Sa chás go nglacann an tÚdarás Pleanála leis an bhfianaise seo ní mór go n-áireofaí i dtograí forbartha meascán eile de thithe cónaithe a chuideoidh le pobal cothrom a bhaint amach. 11.81 Soláthrófar Cóiríocht Sain-Thógtha do Mhic Léinn (PBSA) sna láithreacha atá leagtha amach i gCaibidil 3: Tithe agus Pobail a Sheachadadh. Toisc go bhfuil COC agus MTU araon suite i mbruachbhailte Chathair Chorcaí beidh ar an bhfo- cheantar seo freastal ar stiúideonna / PBSA le gur féidir na spriocanna soláthair a bhaint amach le linn thréimhse an Phlean.

Líon na dTithe

Cineál Cónaithe Cineál Scéime

Caighdeán

Bunús

<10

Árasán

Athchóiriú / Inlíonadh Uirbeach

4 Stiúideo ar a mhéad

Sainriachtanas Beartais Pleanála (SPPR) 2 1

<50

Árasán

Athchóiriú / Inlíonadh Uirbeach

Na chéad 9 nAonad (mar atá thuas)

SPPR 2

SPPR 1 & SPPR 2

Aonaid 10-49 (de réir Táblaí 11.5 - 11.9)

Tábla 11.3: Meascán Méid Tí le haghaidh Scéimeanna Beaga Árasán.

1 Tithíocht Uirbeach Inbhuanaithe: Caighdeáin Dearaidh d’Árasáin Nua Treoirlínte d’Údaráis Phleanála, DPGLG 2018 .

480

Powered by