Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Mar sin féin, is saincheist cheadúnaithe go príomha a bheidh i líon agus rialú eischeadúnais. Agus tograí eischeadúnais á mbreithniú tabharfar aird freisin ar thaitneamhachtaí na gcónaitheoirí in aice láimhe, i.e. torann, suaitheadh ginearálta, uaireanta oibriúcháin agus bruscar .

Oifigí Gealltóireachta

11.189 Féachfaidh an Chomhairle Cathrach le taitneamhacht cónaithe a chosaint agus le meascán inmharthana úsáidí a sholáthar laistigh d’ionaid shainithe trína chinntiú nach bhfuil candam na siopaí gealltóireachta – go háirithe laistigh d’ionaid níos lú – díréireach le méid agus le carachtar iomlán an cheantair. Tá sé mar chuspóir cosc a chur ar chomhchruinniú oifigí gealltóireachta, rud a chinnteoidh nach bhfuil líon na n- aonad i Lár na Cathrach, Lárionaid Cheantair nó Chomharsanachta/Áitiúil díréireach le líon iomlán na siopaí, pobail agus úsáidí eile. Déanfar soláthar oifigí gealltóireachta a rialú ag féachaint do na nithe seo a leanas, nuair is cuí : 1. An gá atá le beogacht agus inmharthanacht na n-ionad measctha úsáide sa Chathair a chosaint agus meascán oiriúnach d'úsáidí miondíola agus eile a choinneáil; 2. Líon/minicíocht na n-áiseanna sin sa cheantar; 3. An t-iomadú atá ann faoi láthair ar oifigí miondíola dá samhail, ar áiteanna beir leat bia te, ar stuaraí siamsa, eischeadúnais etc. sa cheantar; 4. An éifeacht ar thaitneamhachtaí an cheantair mar gheall ar thorann, uaireanta oibriúcháin agus bruscair; 5. Ní bhainfidh cuma agus dearadh seachtrach na hoifige gealltóireachta (lena n-áirítear aon fhógraíocht miasa satailíte agus scáileáin teilifíse a thaispeánfar) den sráid-dreach.

Ionaid Siamsaíochta / stuara

11.191 I measc na n-ionad siamsaíochta / stuaraí go

ginearálta áirítear imirt siamsaí le meaisíní duaise agus/nó siamsa amháin (m.sh. físchearrbhachas) mar phríomhúsáid. Agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar ionaid / stuaraí siamsa, ní mór don togra a léiriú : 1. Ní dhéanfaidh sé dochar do mhaoin chomharsanachta i dtéarmaí torainn agus suaitheadh ginearálta; 2. Ní bhainfidh cuma sheachtrach ná dearadh an ionaid siamsa ón sráid-dreach agus moltar aghaidh siopa cuí le taispeáint fuinneoige a chur san áireamh sna tograí; 3. Uaireanta oscailte cuí; 4. Ní cheadófar an iomarca ionad/stuaraí siamsaíochta .

Casinos / Clubanna Ball Príobháideacha

11.192 Cuirfear na nithe seo a leanas (ach gan a bheith teoranta dóibh) san áireamh agus iarratais ar cheasaíneonna / clubanna comhaltaí príobháideacha á measúnú : 1. Taitneamhacht na gcónaitheoirí agus na n- áititheoirí comharsanachta; 2. Uaireanta oibríochta; 3. Bainistíocht tráchta; 4. Ní bhainfidh cuma sheachtrach agus dearadh an cheasaíneo/club na mball príobháideacha den sráid-dreach agus moltar éadanas siopa cuí le taispeáint fuinneoige a chur san áireamh sna tograí; 5. Ní cheadófar comhchruinniú iomarcach ceasaíneonna/clubanna comhaltaí príobháideacha .

Eischeadúnais

11.190 Soláthraíonn eischeadúnais a chuirtear ar fáil in ionaid tráchtála ainmnithe na cathrach (Lár na Cathrach, Baile, Ceantar agus Comharsanacht / Ionaid Áitiúla) seirbhís luachmhar tráchtála áitiúil. Ní bhreithneofar eischeadúnais in áiteanna eile ach amháin nuair a bhíonn siad lasmuigh de dhobharcheantair na n-ionad atá ann cheana/atá beartaithe. Cinnteoidh Comhairle Cathrach Chorcaí go soláthróidh ionaid fíor-éagsúlacht i soláthar miondíola a fheileann do riachtanais na bpobal trína chinntiú nach bhfuil comhréir na n-eischeadúnais díréireach le líon na n-aonad.

510

Powered by