Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Ba cheart go mbeadh an troscán lasmuigh go léir a sholáthraíonn oibreoirí príobháideacha lena n-áirítear miondíoltóirí, tábhairneoirí agus bialanna, etc., agus cuideachtaí fóntais ar an gcaighdeán is airde, de dhea- dhearadh comhaimseartha de rogha ag seachaint droch aithrise stairiúil agus meas a bheith acu ar charachtar foriomlán an limistéir agus ar cháilíocht an fhearainn phoiblí. . Beidh siad suite chun aon bhacainn nó tranglam a chosc ar gach cosán agus limistéar pábháilte lena n-áirítear tuirlingthe. Maidir leis seo, teastaíonn ceadúnas ó throscán sráide faoi Alt 254 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) nó cead pleanála (lena n-áirítear troscán sráide a chuirtear suas ar thailte príobháideacha). Sa dá chás, ní mór don iarratasóir sonraí a chur isteach maidir le suíomh, dearadh, sonraíocht agus cáilíocht na ngnéithe molta de throscán sráide. D’fhéadfadh go mbeadh sonraí ar sceidil cothabhála agus glantacháin ag teastáil freisin. Agus iarratais ar bhoird agus cathaoireacha amuigh á mbreithniú, tabharfaidh an t- údarás pleanála aird ar na nithe seo a leanas : 1. Méid agus suíomh na háise; 2. Troscán sráide atá sa cheantar cheana féin a chomhchruinniú; 3. Tionchar amhairc an struchtúir, go háirithe maidir le dath, nádúr agus fairsinge na fógraíochta ar gach scáileán coimhdeach; 4. Tionchar ar charachtar an tsráid-dreacha; 5. Na héifeachtaí ar thaitneamhachtaí áitribh in aice láimhe, go háirithe maidir le huaireanta oibriúcháin, torann agus suaitheadh ginearálta; 6. Tionchar ar rochtain agus infheictheacht .

Fógraíocht Dhigiteach/Comharthaíocht

As well as the above the following criteria should be considered as part of applications for digital advertising / signage: 1. Sonraí an ábhair, na bailchríocha agus na dathanna; 2. Níor chóir go mbeadh uas-luminance taispeáint an fhógra le linn uaireanta oíche (dorchadas) níos mó ná 300 cd/cearnach; 3. Gan níos mó ná fógra amháin a thaispeáint gach deich soicind, arna athrú trí aistriú céimnithe ar an taispeáint.

11.200 Tá ról níos suntasaí ag baint le húsáid fógraíochta digiteach agus comharthaíochta i dtimpeallachtaí uirbeacha, lena n-áirítear athsholáthar fógraí páipéir. Cé gur féidir leis ról dearfach a bheith aige maidir le heolas poiblí a thaispeáint, tá gá le fógraíocht dhigiteach agus comharthaíocht a rialú ó thaobh dearaidh agus suímh de chun tranglam amhairc a chosc, go háirithe i gceantair ar nós codanna stairiúla den chathair (Limistéir Chaomhantais Ailtireachta srl.). , ceantair chónaithe agus ardtaitneamhachta den chuid is mó mar uiscebhealaí. Féadfaidh sé drochthionchar a bheith aige freisin ar shábháilteacht phoiblí agus ar shábháilteacht tráchta .

514

Powered by