Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 11 I Déanamh Áite agus Bainistiú Forbartha

Oidhreacht Thógtha

Bainistíocht Seandálaíochta i bhForbairt

Struchtúir Chosanta

11.201 Tugtar aghaidh i gCaibidil 8, Ealaíona agus Cultúir Oidhreachta, a fhorbairt agus laistigh de chúirtealáiste na Struchtúr Cosanta. Is é an treoirphrionsabal foriomlán ná feabhas dearfach ar shaintréithe an Struchtúir Chosanta. Cuirfear forálacha na ‘Treoirlínte um Chosaint na hOidhreachta Ailtireachta’ (RCORÁ, 2004) san áireamh agus iarratais phleanála ar oibreacha ar Dhéanmhais Chosanta nó laistigh de chúirtealáiste na Struchtúr Cosanta á measúnú.

11.203 Is acmhainn neamh-inathnuaite iad iarsmaí

seandálaíochta agus mar sin tá sé ríthábhachtach go ndéantar iad a chosaint agus a bhainistiú i gceart. Moltar d’fhorbróirí dul i dteagmháil le Seandálaí na Comhairle Cathrach le fáil amach an bhféadfadh aon impleachtaí nó riachtanais seandálaíochta a bheith laistigh dá láithreán forbartha beartaithe. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach do shuímh atá suite laistigh de chroílár stairiúil na cathrach. Tá sé chun leasa an fhorbróra impleachtaí seandálaíochta na forbartha a bheartaítear a mheas agus a chainníochtú ag na céimeanna is luaithe den phróiseas pleanála.

Limistéir Chaomhantais Ailtireachta

11.202 Tugtar aghaidh ar fhorbairt i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta i gCaibidil 8, Ealaíona agus Cultúir Oidhreachta. Is é an treoirphrionsabal foriomlán ná feabhas dearfach ar na cáilíochtaí uathúla a dhéanann áit speisialta mar gheall ar a charachtar ar leith. Tá na ceanglais maidir le doiciméadú a ghabhann le hiarratais phleanála ar fhorbairt laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta agus lena measúnú ina dhiaidh sin leagtha amach sna ‘Treoirlínte um Chosaint na hOidhreachta Ailtireachta’ (RCORÁ, 2004). ).

Caomhnú in-situ

11.204 Is iad caomhnú in-situ agus caomhnú trí thaifead an dá chur chuige a chuirtear i bhfeidhm chun an oidhreacht seandálaíochta a chosaint. Maidir le cúrsaí seandálaíochta, beidh feidhm ag na nithe seo a leanas : 1. Éileoidh an Chomhairle Cathrach go dtabharfar faoi imscrúdú seandálaíochta sula gcuirfear tús leis an bhforbairt. Ní mór do sheandálaí cáilithe gach imscrúdú dá leithéid a dhéanamh i gcomhairle le Comhairle Cathrach Chorcaí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; 2. Féadfar coinníollacha a fhorchur a mhodhnóidh an fhorbairt, chun imscrúdú seandálaíochta a éascú nó chun an taifead seandálaíochta a chaomhnú ; 3. Tá measúnú agus suirbhé mionsonraithe ar shuímh a bhfuil tábhacht thionsclaíoch seandálaíochta acu riachtanach chun tionchar na forbartha a bheartaítear a mheas. Is breithniú breise é an tionchar ar thuillteanais aeistéitiúla agus ailtireachta na bhfoirgneamh .

515

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by