Caibidil 12 I Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún
Aidhm na gCuspóirí Criosaithe Úsáide Talún
Úsáidí Ceadaithe
12.4 Cé go bhfuil príomhchuspóir gach criosaithe
talamhúsáide luaite go soiléir, tá na húsáidí éagsúla atá liostaithe beartaithe mar threoir ghinearálta agus ní liosta uileghabhálach iad. D’fhéadfadh úsáidí talún atá oscailte lena mbreithniú a bheith inghlactha má bhíonn an tÚdarás Pleanála sásta:
12.1 Léiríonn criosú úsáide talún straitéis forbartha na Cathrach go spásúil. Tá an straitéis forbartha do Chathair Chorcaí leagtha amach sa Chroí-Straitéis. Tá an straitéis criosaithe talamhúsáide bunaithe ar phrionsabail dlúthfhás, pobail agus comharsanachtaí inbhuanaithe, cruthú áite agus athléimneacht aeráide, agus an Fhís Straitéiseach do Chathair Chorcaí atá leagtha amach i gCaibidil 1 . 12.2 Tá aon chrios úsáide talún is fiche sa Phlean seo, agus a chuspóir sainiúil féin ag gach ceann acu chun cineál(í) forbartha ar leith a éascú. Léiríonn na criosanna seo cá bhfuil cineálacha éagsúla forbartha oiriúnach laistigh den Chathair agus léirítear iad ar na Léarscáileanna Criosaithe. 12.3 Ní bhaineann cuspóirí criosaithe ach le húsáid talún. Cinneann raon fachtóirí eile lena n-áirítear dlús, airde, soghluaisteacht, dearadh agus critéir chomhshaoil, i measc nithe eile, cibé an bhfuil nó nach bhfuil aon togra forbartha ar leith oiriúnach i limistéar. Ní féidir cuspóirí criosaithe a mheas ina n-aonar agus ní mór iad a léamh i gcomhar le cuspóirí uile an Phlean Forbartha atá leagtha amach sa Phlean seo. Má bhíonn amhras ann, ba cheart an treo a sholáthraítear sa Chroí-Straitéis a leanúint.
• ní bheadh tionchar díobhálach acu ar an bpríomhchuspóir criosaithe úsáide talún;
• go mbeidís ag teacht leis na cuspóirí agus na critéir ábhartha atá leagtha amach sa Phlean seo; agus • nach mbeadh aon drochthionchar suntasach ar an láthair nó ar an timpeallacht máguaird. 12.5 I gcúinsí eisceachtúla d’fhé adfadh úsáidí a bheith ann nach ndéantar tagairt dóibh sa Phlean seo; déanfar iad seo a mheas ar a bhfiúntas féin de réir an phríomhchuspóir criosaithe úsáide talún lena mbaineann . 12.6 Nuair a mholtar forbairtí nó úsáidí atá coimhdeach le húsáid cheannasach nó phríomhúsáid láithreáin nó forbartha, breithneofar tograí den sórt sin ar a dtuillteanas féin. 12.7 De bhreis ar fhorálacha an Phlean a bhaineann le bainistíocht riosca tuilte faoi chodanna eile den Phlean seo (lena n-áirítear ailt 11.261 go 11.267 agus uimhreacha. 12.21 go 12.23), úsáidí ceadaithe laistigh de chriosanna tuilte A nó B i gceantair nár éirigh leo sa Tástáil Fírinnithe ( i.e. beidh na ceantair sin lasmuigh de Lár Chathair Chorcaí agus Cheantar na nDugaí Thuaidh agus Theas) srianta do na húsáidí “comhoiriúnach le huisce” agus “is lú leochaileacha” mar is cuí don chrios tuile ar leith (féach le do thoil don doiciméad um Measúnú Straitéiseach Riosca Tuile a théann leis).
538
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook