Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 12 I Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún

Úsáidí Neamhchomhréireacha

Beag beann ar chriosú, beidh toimhde i gcoinne forbartha ar gach spás oscailte in eastáit chónaithe lena n-áirítear aon limistéar glas nó limistéar taitneamhachta poiblí a bhí mar chuid de chead pleanála forbraíochta agus a aithníodh chun críocha spás oscailte áineasa nó taitneamhachta, lena n-áirítear talamh a úsáidtear de ghnáth mar spás oscailte poiblí. Cosnófar na tailte sin chun críocha áineasa, spáis oscailte agus taitneamhachta.

12.8 Úsáidtear criosú talamhúsáide mar uirlis chun straitéis forbartha na Cathrach a mhúnlú, agus mar sin b’fhéidir nach léiríonn siad úsáidí talún seanbhunaithe i gcónaí. Mar thoradh air sin, tá úsáidí ar fud na Cathrach nach bhfuil ag teacht leis an gcuspóir criosaithe talamhúsáide don cheantar. 12.9 Sa chás go bhfuil úsáidí neamhchomhréireacha den sórt sin bunaithe go dleathach, déanfar a leathnú nó a bhfeabhsú réasúnta laistigh dá gcúirtealáiste a mheas ar a bhfiúntas féin ar an gcoinníoll nach mbeidh aon tionchar díobhálach tromchúiseach ar an bpríomhchuspóir criosaithe talamhúsáide don limistéar nó don chomhshaol, ag féachaint do. cuspóirí ábhartha eile den Phlean seo. Forbairt Gar do Theorainneacha Criosaithe 12.10 Cé go bhfuil criosanna úsáide talún leagtha amach ar na Léarscáileanna Criosaithe le teorainneacha soiléire agus sainiúla, is minic a bhíonn idirspleáchas idir criosanna úsáide talún. D'fhéadfadh tionchar a bheith ag forbairt i gcrios amháin ar an timpeallacht reatha i gcrios eile, go háirithe gar do theorainneacha idir criosanna éagsúla. Chun trasdulta tobanna i scála, dlúis agus úsáid a sheachaint, agus muid ag déileáil le tograí forbartha in aice le teorainneacha criosaithe, ní mór breithniú a dhéanamh ar fhorbairt atá ann cheana i gcriosanna tadhlach. Tá sé seo ábhartha go háirithe do chriosanna atá níos íogaire ó thaobh an chomhshaoil de mar chriosanna cónaithe, agus ní mór aird ar leith a thabhairt ar scála, dlús agus úsáid chun taitneamhachtaí cónaithe atá ann cheana a chosaint. Spás Oscailte i gCeantair Chónaithe 12.11 Tá go leor limistéar glas de spás oscailte i limistéir chónaithe nach bhfuil criosaithe go sonrach mar spás oscailte poiblí agus féadfar iad a chriosú mar ZO 1 Comharsanachtaí Cónaithe Inbhuanaithe nó mar chuspóir criosaithe úsáide talún eile.

Sáruithe Ábhar

12.12 Cé nach feidhm de phlean forbartha í, cuireann reachtaíocht phleanála reatha meicníocht ar fáil a cheadaíonn don Chomhairle forbairt bheartaithe a sháraíonn cuspóirí ábhartha forbartha i bplean forbartha, lena n-áirítear cuspóirí criosaithe úsáide talún a cheadú. Ní féidir le plean forbartha cuntas a thabhairt ar gach ócáid a d’fhéadfadh a bheith ann, agus cásanna a d’fhéadfadh teacht c hun cinn nuair is fearr freastal ar phleanáil cheart agus ar fhorbairt inbhuanaithe ceantair trí fhorbairt a sháraíonn cuspóirí criosaithe úsáid talún an Phlean. I gcásanna dá leithéid, breithneofar tograí forbartha ar a dtuillteanas féin de réir phrionsabal na pleanála cuí agus na forbartha inbhuanaithe, agus de réir Croí-Straitéis agus straitéis forbartha an Phlean seo.

Comhairliúcháin Réamhiarratais

12.13 Soláthraíonn an reachtaíocht phleanála reatha meicníocht d’iarratasóirí ionchasacha dul i mbun comhairliúcháin le húdarás pleanála sula ndéanann siad iarratas pleanála. Is próiseas luachmhar é seo d’iarratasóirí agus don údarás pleanála mar is féidir leis freastal ar chuspóirí atá leagtha amach sa Phlean seo a shoiléiriú, lena n-áirítear cuspóirí criosaithe úsáide talún, agus torthaí pleanála ardchaighdeáin a chinntiú. Go ginearálta moltar d’iarratasóirí ionchasacha dul i mbun comhairliúcháin réamhiarratais leis an údarás pleanála roimh iarratas pleanála a chur isteach.

539

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by