Caibidil 12 I Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún
seirbhísí tacaíochta, páirceáil faoi réir cuspóirí soghluaisteachta, áiseanna cúram leanaí agus seirbhísí áitiúla ar scála beag a fhreastalaíonn ar riachtanas áitiúil na buninstitiúide nó an phobail. úsáid . ZO 13.4 Caithfidh tograí forbartha sa chrios seo timpeallachtaí ardcháilíochta tógtha agus tírdhreachtaithe a sholáthar a thugann aird ar an timpeallacht glactha áitiúil. Bhainfeadh institiúidí agus áiseanna sa chrios seo leas as cur chuige máistirphlean chun a gcuid tailte agus áiseanna a fhorbairt agus spreagtar iad chun dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí maidir leis seo. ZO 13.5 I go leor cásanna tá na tailte agus na háiseanna seo suite i gceantair bhruachbhailteacha agus / nó in aice le húsáidí cónaithe. Tabharfaidh forbairt sa chrios seo, go háirithe in aice le húsáidí cónaithe atá ann cheana féin, aird ar an tionchar ar thaitneamhachtaí cónaithe. Mar sin féin, tá ceanglais oibríochtúla agus réadúlachtaí sonracha ag baint le roinnt úsáidí amhail ospidéil, mar shampla gluaiseachtaí tráchta lasmuigh d’uai reanta oibre agus bonnáin ó fheithiclí éigeandála, agus i gcás ina meastar go bhfuil na húsáidí sin riachtanach tacófar lena n-oibriú feidhme.
Caithfidh na húsáidí seo, má cheadaítear iad, a bheith oiriúnach do scála agus do chomhthéacs an tsuímh agus an chomharsanacht máguaird agus ní mór dóibh freastal ar riachtanais áitiúla amháin .
Institiúidí agus Comhphobal
ZO 13
ZO 13.1 Go ginearálta baineann an crios seo le hinstitiúidí móra oideachais, cúram sláinte agus eile agus áiseanna pobail. Is úsáidí seanbhunaithe iad seo de ghnáth atá tábhachtach go háitiúil nó go náisiúnta, le héagsúlacht tréithe agus foirmeacha tógtha, agus tá ról tábhachtach acu i soláthar príomhsheirbhísí straitéiseacha do phobail ar fud na Cathrach agus go minic i bhfad níos faide i gcéin. ZO 13.2 Féachann an crios seo leis na húsáidí seo a chosaint agus a bhforbairt inbhuanaithe chuí a éascú. Áirítear le húsáidí príomhúla cúram sláinte, oideachas, úsáidí cathartha, cultúrtha agus úsáidí móra pobail eile . ZO 13.3 D’fhéadfadh úsáidí atá coimhdeach leis na príomhúsáidí institiúideacha agus pobail a bheith oscailte lena mbreithniú ar scála cuí, faoi réir breithnithe áitiúla agus nuair is fo-úsáidí iad agus nach dtagann siad salach ar chuspóir an chuspóra chriosaithe. D’fhéadfadh go n -áireofaí ar na húsáidí coimhdeacha seo tailte agus saoráidí spóirt, lóistín cónaithe, úsáidí riaracháin oifigbhunaithe, Cuspóir Criosaithe 13: Soláthar a dhéanamh d’úsáidí institiúideacha agus pobail agus iad a chosaint.
Bonneagar agus Fóntais Phoiblí
ZO 14
Cuspóir Criosaithe 14: Soláthar a dhéanamh do bhonneagar poiblí agus fóntais.
ZO 14.1 Clúdaíonn an crios seo soláthar bonneagair phoiblí agus fóntais, lena n-áirítear saoráidí páirceála agus taistil, agus éagsúla eile iompair, uisce, draenáil, seirbhísí éigeandála, leictreachas, gás, teileachumarsáid, críocha cothabhála agus áiseanna fóntais eile. ZO 14.2 Ba cheart go dtabharfadh forbairt sa chrios seo aird ar a thimpeallacht glactha agus ba chóir go bhféachfadh sé le comhtháthú lena thimpeallacht trí chóireáil teorann agus réitigh tírdhreachtaithe.
549
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook