Caibidil 12 I Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún
ZO 15.3 D’fhéadfadh úsáidí coimhdeacha a gus teagmhasacha cosúil le caiféanna beaga agus taitneamhachtaí eile a chuireann le beogacht spás oscailte poiblí agus ról bonneagair áineasa poiblí spás oscailte poiblí cuí, mar pháirc, a bheith á mbreithniú. Beidh a leithéid d’áiseanna seirbhíse coimhdea cha agus teagmhasacha ar comhréir le nádúr agus scála an spáis oscailte phoiblí agus caithfidh siad comhtháthú leis an spás oscailte poiblí agus ní bheidh siad ag teacht salach ar na príomhchuspóirí criosaithe. ZO 15.4 Feidhmíonn go leor limistéar glasa in eastáit tithíochta cónaithe ar fud na Cathrach mar spásanna oscailte poiblí agus limistéir thaitneamhachta ach tá siad criosaithe mar ZO 1 Comharsanachtaí Cónaithe Inbhuanaithe (nó cuspóir criosaithe talamhúsáide eile). Le haghaidh cuspóirí criosaithe a bhaineann leis na ceantair seo, féach ZO 1 Comharsanachtaí Cónaithe Inbhuanaithe thuas, agus don alt ar ‘Spás Oscailte i gCeantair Chónaithe’ thuas.
ZO15 Spás Oscailte Poiblí
ZO 15.1 Áiríonn an crios seo spás oscailte poiblí straitéiseach agus tailte taitneamhachta. Cuimsíonn tailte sa chrios seo raon leathan acmhainní caitheamh aimsire agus taitneamhachta éighníomhacha agus gníomhacha don phobal lena n-áirítear páirceanna, spórt agus uisce, áiseanna fóillíochta, limistéir thaitneamhachta agus limistéir nádúrtha lena n-áirítear gréasáin éiceolaíochta, coillearnacha agus gnáthóga eile. Is é príomhchuspóir an chrios seo gach talamh sa chrios seo a chaomhnú le haghaidh úsáid spáis oscailte agus taitneamhachta . ZO 15.2 Tá toimhde ann i gcoinne talamh chriosaithe mar Spás Oscailte Poiblí a fhorbairt chun críocha eile. Cuspóir Criosaithe 15: Úsáidí éighníomhacha agus gníomhacha áineasa, spás oscailte, gréasáin ghlasa, limistéir nádúrtha agus áiseanna taitneamhachta a chosaint, a choinneáil agus soláthar a dhéanamh dóibh .
Fearais agus Áiseanna Spóirt
ZO 16
ZO 16.1 Áiríonn an crios seo raon leathan tailte agus áiseanna spóirt. Is é príomhchuspóir an limistéir seo gach talamh sa chrios seo a chaomhnú le haghaidh áiseanna agus tailte spóirt. ZO 16.2 Tá toimhde ann in aghaidh chailliúint talún criosaithe Fearainn agus Saoráidí Spóirt do chineálacha eile forbartha. Ní bhreithneofar ach forbairt atá coimhdeach le príomhúsáid an láithreáin le haghaidh spóirt agus nach ndéanfaidh ach difear do thailte nach féidir a bheith mar chuid de na páirceanna imeartha, cúirteanna, rianta, cúrsaí nó a leithéid, sna ceantair seo. Áirítear le húsáidí coimhdeacha áiseanna eile spóirt agus fóillíochta mar chlubthithe, seomraí feistis, seomraí cruinnithe, giomnáisíní, hallaí oiliúna spóirt, áiseanna lónadóireachta, cóiríocht d’airíoch agus áiseanna oiriúnacha páirceála. Tá naíolanna agus úsáidí pobail oscailte lena mbreithniú, ar an gcoinníoll go bhfuil siad nasctha le húsáid spóirt . Cuspóir Criosaithe 16: Raon agus cáilíocht na n-áiseanna agus na dtailte spóirt a chosaint, a choinneáil agus a fheabhsú.
550
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook