Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Réamhrá an Ard-Mhéara & an Phríomhfheidhmeannaigh Is mó i bhfad Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle Cathrach 2022 ná bailiúchán fíricí agus figiúirí nó liostaí éachtaí. Is cuid de thaifead stairiúil Chathair Chorcaí í. Tugtar mionchuntas ar an obair a dhéantar i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara ar fud na cathrach. Lean an chathair, agus a Fóram um Fhreagairt Phobail, ag cur leis na bua sin in 2022. Léirigh an choimhlint san Úcráin agus an gá atá le tearmann a sholáthar dóibh siúd a ruaigeadh as a dtír cumas mhuintir na cathrach agus na tíre seasamh leis na daoine atá faoi chois agus atá díshealbhaithe agus 'cuan sábháilte' a thairiscint dóibh siúd atá i ngátar. Mar gheall ar stádas Chorcaí mar chathair mhórscála idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn cuireann sí dlús faoin bhfás geilleagrach agus baineann idir dúshláin agus deiseanna leis sin. Stiúir Corcaigh chomhrá náisiúnta ar an tslí is cathracha a ‘Athshamhlú’ le linn na paindéime agus cuirfidh maoiniú €600 milliún chun an tionscadal Bus Connects a chur i ngníomh bonn bhonn faoinár n-iarrachtaí aistriú i dtreo cathair níos inbhuanaithe. Mar chuid den iarracht níos leithne seo chun an gréasán iompair inbhuanaithe a leathnú in 2022, cuireadh tús le hobair ar Scéim Feabhsúcháin Iompair Phoiblí Shráid Mhic Curtáin. Is é aidhm na scéime feabhas a chur ar iontaofacht agus fad ama turais na seirbhísí bus i lár na cathrach agus bonneagar feabhsaithe siúlóide agus rothaíochta a chur ar fáil mar chuid d’aistriú straitéiseach ar fud na cathrach i dtreo timpeallacht níos inbhuanaithe. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí bródúil as leanúint den obair dhlúth le príomhpháirtithe leasmhara ionas go mbedih Cathair Chorcaí ina háit ina gccuirtear ar chumas gnólachtaí fás agus dul chun ratha agus léirítear é seo go soiléir i bPlean nua Forbartha Chathair Chorcaí don tréimhse 2022-2028 dar teideal ‘Ár gCathair, ár gCinniúint’. Cuireann an plean creat ar fáil chun cabhrú le fás na cathrach a mhúnlú thar na sé bliana atá romhainn agus tacú le méadú measta 50,000 duine agus 30,000 post a chruthú. Tugann ‘Ár gCathair, Ár dTodhchaí’ cuntas ar fhís don chathair a bhfuil an inbhuanaitheacht, cáilíocht na beatha, cuimsiú sóisialta, agus teacht aniar na haeráide ina chroílár. Tá an plean forbartha dírithe ar thacú le tithíocht, le poist a chruthú, leis an bhfearainn phoiblí a athnuachan, le hiompar, agus le tuilleadh spásanna taitneamhachta agus seirbhísí pobail a fhorbairt i gceantair thógtha reatha. Tá an plean laistigh de shraith Pleananna Straitéiseacha dá leithéidí an Creat Náisiúnta Pleanála, Tionscadal Éireann 2040, mar aon leis an gcaiteachas suntasach caipitil a leagtar amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta. In 2022, bhí Cathair Chorcaí sa 2ú háit tríd is tríd agus sa chéad áit i dtaobh Acmhainneacht Gheilleagrach i gCathracha agus Réigiúin Chliste Eorpacha na Todhchaí 2022/2023 (Cathracha Beaga Eorpacha). Tá cuideachtaí móra ilnáisiúnta lonnaithe i gCorcaigh i gcónaí agus léiríonn na rangú seo an luach a chuireann cuideachtaí ilnáisiúnta ar Chorcaigh agus ar a muintir. D’fhógair an Coimisiún Eorpach freisin go mbeidh Corcaigh ar cheann de na chéad chathracha san Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh aeráide de. Roghnaíodh Corcaigh, in éineacht le Baile Átha Cliath, mar cheann de 100 cathair a bheidh ar thús cadhnaíochta maidir le gníomhú ar son na haeráide agus le cathracha cliste ar fud na hEorpa. Ach a mbeifear ag comhoibriú le comhpháirtithe san earnáil phoiblí agus phríobháideach agus le háitritheoirí áitiúla, stiúirfidh Comhairle Cathrach Chorcaí an t-aistriú chuig cathair a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de agus ina cathair chliste faoi 2030 mar chuid de Mhisean Cathracha an AE. Cuireann an stádas nua seo i gcroílár an chláir oibre um inbhuanaitheacht uirbeach san Eoraip sinn. Ciallóidh sé chomh maith go gcuirfear tús le hinfheistíocht phleanáilte sa chathair ionas gur féidir linn ár bhfís a bhrostú chun na spriocanna fáis uaillmhianacha a leagadh amach dúinn sa Chreat Náisiúnta Pleanála, Éire 2040 a bhaint amach, agus sinn ar thús cadhnaíochta maidir leis an inbhuanaitheacht agus le gníomhú ar son na haeráide. Bhí Comhairle Cathrach Chorcaí ar an gcéad údarás áitiúil in Éirinn cheana féin a chuir straitéis um Cháilíocht Aeir le chéile agus leanadh leis an obair sin in 2022 ach Chrios Aeir Úir a fhógairt i gcroílár na cathrach, an chéad ainmniúchán dá leithéid i gcathair in Éirinn. I mí na Bealtaine 2022, d’oscail an Taoiseach Micheál Martin Céim 1 de Pháirc na Muiríne. Ach a gcuirfear críoch le Páirc na Muiríne, atá suite i gcroílár Cheantar Duganna Chorcaí, beidh sí sé huaire níos mó ná Páirc Mhic Gearailt. Tá tionscadal Cheantar Duganna Chorcaí

| 1

Powered by