Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Le 130 bliain anuas, tá spásanna cathartha sábháilte curtha ar fáil ag Leabharlanna Chathair Chorcaí agus iad ag fáiltiú roimh gach pobal. I mí na Nollag reáchtáil an tArdmhéara, an Comhairleoir Deirdre Nic Giollarnáth searmanas cathartha d'fhoireann Leabharlanna Chathair Chorcaí i Seomra na Comhairle in ómós do chomóradh na leabharlann. I measc na gcainteoirí bhí an Príomhfheidhmeannach Ann Doherty, an Stiúrthóir Seirbhísí Adrienne Rogers, an file mór le rá, Thomas McCarthy, Mairead Mooney de chuid COC agus Staraí Cónaitheach Leabharlanna Chathair Chorcaí, Alan Noonan. Rinne na hóráidí cur síos ar stair na seirbhíse go dtí seo agus ar chaidreamh poiblí iomlánaíoch na seirbhíse leabharlainne idir scríbhneoirí, staraithe, agus filí agus institiúidí an rialtais áitiúil.

Chláraigh 40,410 duine mar bhaill de Leabharlanna Chathair Chorcaí in 2022. Tugadh 699,947 cuairt orthu, agus fuarthas 634,781 earra ar

iasacht. Tá go leor athruithe nuálaíocha tugtha isteach ag an tseirbhís leabharlainne riamh anall, ina measc an tseirbhís nua My Open Library a seoladh i Leabharlann Dhúglaise i mbliana. Cuireann an tseirbhís rochtain féinseirbhíse

ar an leabharlann ar fáil nuair nach mbíonn baill foirne i láthair, is féidir le pátrúin earraí a fháil ar iasacht, a thabhairt ar ais agus a bhailiú, staidéar a dhéanamh, ríomhairí poiblí agus meaisíní fótachóipeála a úsáid, agus spás cruinnithe pobail a chur in áirithe. Bhí 1,000 duine ina mbaill chláraithe de My Open Library le Leabharlann Dhúghlaise faoi mhí na Nollag. Is seirbhís fhíorluachmhar í My Open Library, seirbhís a chuirfear ar fáil do Leabharlanna eile Chathair Chorcaí in 2023.

Ag teacht le tionscnaimh um oiriúnú don athrú aeráide ar fud na Comhairle, tá grúpa inmheánach um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht bunaithe ag Leabharlanna Chathair Chorcaí. Is príomhghníomhaithe sa gheilleagar ciorclach iad leabharlanna agus leanfaidh siad ag cur le spriocanna na comhairle le bheith ar cheann de na chéad chathracha san Eoraip atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Cuirfidh feithiclí leictreacha agus rothair lastais le seachadadh seirbhísí mar chuid dár n-iarracht inbhuanaitheachta agus tacaítear leis an ngeilleagar ciorclach tríd an leabharlann nua síl i gCnoc an Chuilinn, agus trí ríomhleabhair agus Closleabhair, nuachtáin agus greannáin ar líne, bréagáin, scíonna siúil, liathróidí lámhchleasaíochta, meáchain, snáthaidí cniotála, ucailéilí, málaí súgartha pobail agus go leor eile nach iad a thabhairt ar iasacht.

| 43

Powered by