[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Bhí cláir náisiúnta na gCuimhneachán agus Éire Ildána ina chuid mhór de shraith imeachtaí nuálacha na leabharlann i mbliana. Rinneadh an téama Ordinary Live a cheiliúradh le sraith léachtaí Mná 100 , agus le taispeántas as bailiúcháin a léirigh gnáthshaol na cathrach i 1922. Tionóladh Collins The Man, léacht le gar-nia Mhichíl Uí Choileáin i gcomhar leis an Imperial Hotel. I measc comhoibriú idir leabharlanna agus An Garda Síochána bhí taispeántais a chlúdaigh an tréimhse inar tháinig na Gardaí Sibhialta isteach sa chathair. I gcomhar le UCD cuireadh Jukebox Comórtha Filíochta isteach ar Shráid an Chapaill Bhuí ina raibh taifeadtaí de dhánta a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad.
Áiríodh ar chlár Éire Ildana taispeántas uathúil Oidhreachta Mótarspóirt Chorcaí inar leagadh béim ar na daoine mór le rá ó phobal mótarspóirt Chorcaí, éicea-fhile cónaithe a cheapadh, leathnú Poetry in the Park, Cónal Creedon ina scríbhneoir One City One Book agus Cork Words a sheol Tania Banotti, Stiúrthóir Éire Ildána. I gcomhar leis an gComhairle Ealaíon roghnaíodh Leabharlann na Cathrach chun cuairt Laureate don Fhicsean Éireannach, Colm Tóibín, a óstáil mar chuid dá thréimhse ceapacháin. Leanadh den tionscadal Slow Camera Exchange atá dírithe ar shaoránaigh scothaosta agus maoiníodh é ón gciste Cruthaitheacht sa Scothaois.
Agus ocht n-imeacht is tríocha ar siúl do gach aoisghrúpa thar 6 lá, reáchtáladh Féile Leabhar Dhomhanda Chorcaí i mí an Aibreáin. Rinne clár na bliana seo ceiliúradh ar ghuthanna idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla. Chruthaigh an tEalaíontóir Taifeadta le ECM agus an Sacsafónaí Iain Ballamy ceol don dán ‘The Owl’ le Matthew Sweeney, nach maireann, a taispeánadh den chéad uair mar chuid den fhéile é. Reáchtáladh aonach cultúir sráide ar Shráid an Chapaill Bhuí agus bhí 2,754 duine san iomlán i láthair thar na sé lá. Tá traidisiún láidir cláir den scoth ag leabharlanna Cathrach Chorcaí chun litríocht Leanaí a cheiliúradh trí Fhéile Náisiúnta Leabhar na Leanaí. Ní haon eisceacht i an bhliain reatha toisc gur thionóil na 10 leabharlann an chéad fhéile i bpearsain ó 2019 i leith. I measc bhuaicphointí na féile bhí cuairteanna údair, ceol, ceardlanna, Graffiti Beag agus Ceoldráma do Chách. Reáchtáladh dhá imeacht is fiche i rith na míosa, agus thart ar 700 rannpháirtí i gceist. Comhoibríonn na leabharlanna le go leor féilte eile sa chathair agus cuireann siad go mór leo ach 48% d’imeachtaí Sheachtain na hOidhreachta agus trian d’imeachtaí reáchtáladh le linn Fhéile Foghlama ar Feadh an tSaoil na cathrach a óstáil.
| 44
Powered by FlippingBook