[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Taighde Tar éis rannpháirtíocht fhairsing Chomhairle Cathrach Chorcaí leis an Roinn Rialtais agus Polaitíochta, COC, rinneadh taighde foirmiúil ar na bacainní agus na dúshláin a chaitheann mná a shárú sa rialtas áitiúil ag leibhéal Chomhairle Cathrach Chorcaí. “Women’s Voices in the Council Chamber” a bhí an tuarascáil a tháinig as. Seoladh an tuarascáil go hoifigiúil ag an gcomhdháil “Pathways to Participation”. Chuala an lucht freastail aitheasc ón Dr. Aodh Quinlivan maidir le torthaí a thuarascála, ina measc seasamh náisiúnta reatha Chomhairle Cathrach Chorcaí maidir le hionadaíocht na mBanchomhaltaí Tofa, forbhreathnú ar eispéiris na mBanchomhaltaí Tofa laistigh de Chomhairle Cathrach Chorcaí, agus an gá a d'fhéadfadh a bheith le cuóta inscne a shannadh chun an éagothroime sin a réiteach agus ionadaíocht chothrom nó níos fearr a chinntiú do
mhná sa pholaitíocht ag leibhéal áitiúil. Tionscadal Píolótach “Period Dignity”
Cuireadh an tionscadal píolótach “Period Dignity” i bhfeidhm ar fud Chathair Chorcaí in 2022, rud a chuir Corcaigh chun tosaigh maidir le freagairtí nuálacha ar an gceist shuntasach seo a chothaíonn eisiamh daoine ar fud na cathrach idir oideachas, obair agus seirbhísí poiblí. Ó thaobh na Comhairle Cathrach de, is ábhar é seo a bhí ar cheann de na chéad réimsí spéise ag Cácas nua na mBan agus atá á chomhstiúradh ag na Stiúrthóireachtaí um Ghnóthaí Corparáideacha & Caidrimh Idirnáisiúnta agus Pobail, Cultúir & Cothú Áite. Chuaigh an grúpa i dteagmháil go forleathan le hOllscoil Theicneolaíochta na Mumhan a chuir clár píolótach i bhfeidhm mí Dheireadh Fómhair 2021. Áiseanna agus Suímh Cuireadh an clár píolótach i bhfeidhm ina dhá phríomhchéim, agus tá a Nós Imeachta Oibriúcháin Caighdeánach (SOP) féin i bhfeidhm ag gach ceann de na suímh. Clúdaíonn gach SOP teagmháil i ngach suíomh, sonraí an duine atá freagrach as an aonad stocála, agus sonraí teagmhála an duine má ídítear an táirge amach nó mura bhfuil an dáileoir ar deil. Seolann na soláthraithe, We Are Riley, an stoc go díreach chuig gach suíomh faoi leith agus tá seomra/spás ag gach suíomh chun stoc breise a stóráil. Cuireadh tús le Céim 1 i Meán Fómhair 2022 agus san aireamh ann bhí Leabharlann Bhaile an Chollaigh, Halla na Cathrach, Leabharlann na Cathrach, Cork Foyer, Leabharlann Ghleann Maghair, Leabharlann Chnoc an Chuilinn, Leabharlann an Ghoirt Álainn agus Leabharlann Dhúglais. Ach gur éirigh go maith leis an gcéad chur i bhfeidhm, cuireadh tús le céim 2 den tionscadal i mí na Samhna 2022 agus leathnaíodh é go Leisureworld Churchfield, Coláiste Pobail Nagle agus Páirc Ghleann na Trá Móire. Trína cuid oibre ar Thionscadal “Period Dignity”, tá Comhairle Cathrach Chorcaí chun tosaigh maidir leis an gclár píolótach seo a sheachadadh agus an stiogma a bhaineann le táirgí míostraithe a shárú. Leanann Cácas na mBan de bheith ag léiriú tábhacht na mban agus cuimsiú grúpaí éagsúla sa tsochaí. Tá súil againn leanúint leis an tseirbhís ríthábhachtach seo a sholáthar ar feadh 2023 agus ina dhiaidh sin.
| 73
Powered by FlippingBook