An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Comhthéacs polasaí

Comhthéacs polasaí

Comhthéacs polasaí

Tá Straitéis Ealaíon agus Chultúir Chomhairle Cathrach Chorcaí suite laistigh de roinnt creataí agus pleananna polasaí áitiúil agus náisiúnta mar seo a leanas, agus freagraíonn sí dóibh.

Maidir leis na healaíona agus leis an gcultúr go sonrach, tá an straitéis seo ag teacht leis na straitéisí agus na beartais náisiúnta seo a leanas agus féachtar lena gcur chun cinn.

Is é Cultúr 2025 creatpholasaí an Rialtais don chultúr. Is é is aidhm leis ‘saol gach duine a shaibhriú de bhun rannpháirtíochta i saol cultúir an náisiúin’, agus ‘deiseanna a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht mhéadaithe na saoránach.’ Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh (2016-2025) , straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon, a leagann amach tosaíochtaí a dhíríonn ar an ealaíontóir, ar rannpháirtíocht an phobail, ar infheistíocht, ar phleanáil spásúlachta agus dhéimeagrafach agus ar fhorbairt acmhainne. Beartas Comhionannais, Cearta Daonna agus Éagsúlachta na Comhairle Ealaíon a fhéachann le ‘meas a léiriú do gach guth agus cultúr in Éirinn na linne seo de bhun gach cuid den tsochaí, ó phobail reatha agus nua, agus de bhun gach cúlra sóisialta, eitneacht agus traidisiún, tacú leo agus iad chur san áireamh.’ Luach Saothair don Ealaíontóir, polasaí de chuig na Comhairle Ealaíon a chothaíonn ‘luach saothair agus conraitheoireacht atá cóir agus cothrom d’ealaíontóirí’.

Éire 2040 – An Tionscadal , a foilsíodh in 2018, arb é atá ann Creat Pleanála Náisiúnta €116 billiún atá dírithe ar fhorbairt na hÉireann a threorú sa scór bliain atá romhainn amach. Sonraítear ann ‘Cultúr, Oidhreacht agus Spórt’ ar cheann de dheich dTosaíocht Infheistíochta Straitéisí, go háirithe maidir le feabhas a chur ar chaighdeán saoil agus cur le mórtas áite. An Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíochta (RSES) do Réigiún Dheisceart na hÉireann a leagann amach an creat forbartha straitéisí réigiúnaí chun Éire 2040 – An Tionscadal a chur i ngníomh ar leibhéal réigiúnach an rialtais. Tacaíonn sé le forbairt réigiúnach chothromaithe a bhaint amach ar fud na naoi gcontae agus na trí chathair atá i Réigiún an Deiscirt. Plean Forbartha Chomhairle Cathrach Chorcaí (2022 – 2028) ar dréacht faoi láthair é, a leagann amach mar a fhásfaidh agus mar a fhorbrófar Cathair Chorcaí sna sé bliana amach romhainn agus í ina cathair nuálaíoch, bhríomhar agus fholláin a bheidh ag teacht le RSES, le beartas Náisiúnta agus le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na NA.

Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Chathair Chorcaí (LECP) arb é atá ann plean comhtháite a threoróidh forbairt Chathair Chorcaí ó thaobh geilleagair, pobail, cultúir, spóirt agus áineasa de. Tá plean reatha 2022 – 2027 ar na bacáin. Freastalaímid ar gach straitéis eile de chuid na Comhairle, mar is cuí, go leanúnach, ag féachaint go háirithe do Phlean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chathair Chorcaí (2021-2026) agus do Phlean Leabharlanna Chomhairle Cathrach Chorcaí (2020-2024) agus do Phlean Chathair Chorcaí um Ghníomhú ar son na hAeráide atá ar na bacáin. Tuigimid, chomh maith, comhthéacs Eorpach ár gcuid oibre. Leanaimid orainn dá ndéanaimid a fhaire agus a leagan amach i gcomhréir le cláir forbartha sheanbhunaithe amhail Eoraip Ildána , de thionscnaimh nua a athrú, amhail an Margadh Glas Eorpach arb é is aidhm leis an Eoraip a bheith ar an gcéad mhór-roinn atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus le tionscnaimh dá leithéidí Bauhaus Eorpach Nua arb é is aidhm leis saoránaigh, saineolaithe, gnólachtaí agus institiúidí a thabhairt le chéile chun maireachtaint inbhuanaithe san Eoraip agus níos faide i gcéin a athshamhlú.

Beartas Áite, Spáis agus Daoine na Comhairle Ealaíon, creat nua um chothromas sochspásúil sna healaíona a chothaíonn fís i ndáil le ‘thír ina bhfuil an deis ag gach duine na healaíona agus an cultúr a chruthú, dul i ngleic leo, páirt a ghlacadh iontu agus taitneamh a bhaint astu, beag beann ar cé hiad féin nó cá bhfuil cónaí orthu’. Éire Ildána , an clár cruthaitheachta agus folláine uile-Rialtais a bheidh ar siúl anois go dtí 2027. Sa tréimhse leathnaithe seo den chlár eagróidh sé a chuid oibre um chúig cholún: Óige Ildánach, Pobail Chruthaitheacha, Sláinte agus Folláine Chruthaitheach, Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht Chruthaitheach, Tionscail Chruthaitheacha. Forbróidh agus foilseoidh gach údarás áitiúil straitéis áitiúil Éire Ildána don tréimhse 2023 – 2027.

8

9

Powered by