An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Scóip agus réimse oibre

Scóip agus réimse oibre Tá an Oifig Ealaíon ina rannóg Ealaíon agus Imeachtaí laistigh den Stiúrthóireacht Pobail, Cultúir agus Cothú Áite. Is é an príomhphointe comhordúcháin do shainchúram forbartha ealaíon na Comhairle Cathrach é mar a fhoráiltear dó faoin Acht Ealaíon 2003 1 , mar a leanas: 6(1) A local authority shall, for the purposes of section 67 of the Act of 2001 prepare and implement plans for the development of the arts within its functional area and shall, in so doing, take account of policies of the government in relation to the arts. Comhlíonann an straitéis Ealaíon agus Cultúir an dualgas sin maidir leis na healaíona laistigh de Chathair Chorcaí. Dírítear aird sa straitéis seo ar na healaíona agus cuimsítear an cultúr mar a shainmhínítear é i ndáil leis na healaíona. Ciallaíonn na healaíona, mar a shainmhínítear san Acht Ealaíon 2003 iad ‘any creative or interpretive expression (whether traditional or contemporary) in whatever form, and including, in particular, visual arts, theatre, literature, music, dance, opera, film, circus and architecture and including any medium when used for those purposes’. Tuigimid gur tháinig athrú ar chineálacha ealaíne agus nach léir an teorainn idir cineálacha ealaíne anois i gcomparáid leis an uair a rinneadh an sainmhíniú sin. Aithnímid na healaíona agus an cultúr agus táimid ag súil le tacú leo agus iad i mbun forbartha go hionraic agus go seiftiúil sna blianta atá romhainn amach.

1 Níl leagan oifigiúil Gaeilge an Achta seo le fáil fós.

Grianghraf: Darragh Kane

10

11

Powered by