An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Eolas faoi Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Chorcaí

Eolas faoi Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Chorcaí

Is é ról Oifig Ealaíon Chathair Chorcaí uaillmhianta ealaíne agus cultúir Chathair Chorcaí agus a muintire a chumasú agus a chothú. Cuirimid comhairle agus tacaíocht ar fáil don Chomhairle maidir le cúrsaí ealaíon agus cultúir agus cinntímid forbairt na n-ealaíon agus an chultúir i gCathair Chorcaí. Déanaimid é sin de bhun: Eolas faoi Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Chorcaí

Abhcóideacht

Déanaimid an cás, le sárfhianaise, ar son na n-ealaíon agus an chultúir agus a ról maidir leis an bhfís do thodhchaí Chathair Chorcaí a bhaint amach i gcomhthéacs na spriocanna a leagtar síos le Éire 2040. Déanaimid iarracht, go háirithe, acmhainn na n-ealaíon a chur chun cinn i ndail le folláine, forbairt pobail agus cáil chultúir a fheabhsú. Déanaimid cumarsáid faoi na healaíona leis an bpobal agus tacaímid le hearnáil na n-ealaíon agus an chultúir sna saincheisteanna atá tábhachtach dóibh.

Cinntímid go mbíonn na healaíona agus an cultúr i gcroílár shaol na cathrach i gcónaí agus cuirimid comhairle ar fáil faoin tslí a ndéantar na healaíona a mheas agus a neadú, de réir mar is cuí, i bpleananna straitéiseacha, ina measc Plean Forbartha na Cathrach, am Plean Corparáideach, Pleananna Forbartha Ceantair Áitiúil, Straitéis Áitiúil Éire Ildána srl. De bhun taighde agus taispeána, cuirimid le tuiscint agus meas ar na healaíona i measc ár ngeallsealbhóirí. Sonraítear an chomhpháirtíocht a bheith ríthábhachtach chun ár straitéis a chumasú. Cuirtear le dlús agus le réimse na hOifige Ealaíon le sraith comhghuaillíochtaí le heagraíochta ealaíon agus cultúir, le hinstitiúidí oideachais, le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí tríú páirtí (e.g. Údaráis Áitiúla eile, HSE, ETB) a théann i ngleic le bearnaí i bhforbairt agus i soláthar na n-ealaíon. I measc tograí comhpháirtíochta tá: Arts for All; Arts in Schools; clár luathbhlianta Beag; Kinship (Gníomhú Cruthaitheach ar son na Tacaímid le hearnáil na n-ealaíon agus an chultúir chun imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chruthú a thugann beocht dár gcathair agus dá spásanna poiblí. Cinntíonn tairiscint chultúir reatha Chorcaí féilire bríomhar, éagsúil gníomhaíochta i rith na bliana. Ina theannta sin, tá feidhm Imeachtaí ag an Oifig Ealaíon a sheachadann imeachtaí agus féilte uaillmhianacha cultúir ar mhórscála sa chathair, a

Nasc

hAeráide); Music Generation agus cláir Ealaíontóra Cónaithe Chathair Chorcaí.

Sonraímid agus cothaímid na caidrimh agus na naisc a chruthaíonn nó a fheabhsaíonn deiseanna do na healaíona agus don chultúr sa chathair agus d’ealaíontóirí go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Déanfaimid iarracht ár naisc reatha a neartú agus comhair nua a chur chun cinn maidir le seachadadh na straitéise seo. mbaineann cách sult astu. Ina measc tá Féile Lá ‘le Pádraig Chorcaí; Glow - Ceiliúradh na Nollag; Oíche Chultúir agus Cruinniú na nÓg. Tacaímid freisin le coimisiúnú agus cothabháil na hEalaíne Poiblí ar fud na cathrach. Táimid ag tnúth lenár bhfócas agus ár n-iarrachtaí sa réimse seo a mhéadú mar thosaíocht straitéiseach thar shaolré an phlean seo.

Infheistíocht

Déanaimid infheistíocht airgeadais, infrastruchtúir agus forbartha.

Triskel Christchurch, Coimpléasc Ché Wandesford (áit a bhfuil The Lavit Gallery, Backwater Studios, Cork Printmakers). Feabhsóidh oibreacha caipitil a rinneadh ar Dhún Eilíse le déanaí a úsáid mar ionad ealaíon agus cultúir faoin aer amach anseo. Forbraímid agus cothaímid forbairt ghairmiúil spriocdhírithe d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon. Chomh maith le deiseanna foghlama a thairiscint, forbraímid agus cothaímid cláir chónaitheacha lena n-áirítear scéimeanna Ealaíontóra Cónaithe Damhsa agus Ealaíontóra Cónaithe Amharclainne i gcomhpháirtíocht leis an Firkin Crane agus The Everyman faoi seach; agus Platform 31, clár forbartha d’ealaíontóirí lár-ghairme. Táimid ag tnúth le cur leis na tacaíochtaí seo thar shaolré an phlean seo.

Déanaimid maoiniú a riaradh agus a leithdháileadh ina Dheontais Ealaíon; leithdháiltí Ealaíon agus Cultúir na gCoimisinéirí Ioncaim; Sparánachtaí d’Ealaíontóirí; Dámhachtainí Tionscadail agus an Scéim Ealaíon i gComhthéacs. Bainimid an úsáid is fearr is féidir as acmhainní agus as foirgnimh oidhreachta chun críocha na n-ealaíon agus an chultúir. I measc na bhfoirgneamh ealaíon agus cultúir atá ag Comhairle Cathrach Chorcaí faoi láthair tá Teach an Iontaobhais Chathartha, Teach Jack Lynch, Ionad Litríochta an Deiscirt, National Sculpture Factory, Ionad Naomh Lúcás, Ionad Naomh Peadar, Músaem an Ime, The Guesthouse, The Lido (áit a bhfuil Cork Community Artlink),

Beochan

12

13

Powered by