An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Cuspóir, fhís agus misean

Cuspóir, fhís agus misean

Cuspóir, fhís agus misean

An cuspóir atá againn

An misean atá againn

(an fáth arb ann dúinn agus an cion faoi leith a dhéanaimid do dhaoine eile)

(na nithe a dhéanaimid chun a bheith dílis dár gcuspóir agus chun ár bhfís a bhaint amach) Cumasaímid agus cothaímid uaillmhianta ealaíne agus cultúir Chathair Chorcaí agus a muintire de bhun infheistíochta, abhcóideachta, nascthachta agus beochana. Na luachanna atá againn

Na healaíona agus an cultúr a chur i gceartlár cathrach atá bríomhar, cóir agus forásach

An fhís atá againn

(an idéal atáimid ag iarraidh a bhaint amach)

(na nithe dá seasaimid)

An Mhaith Choiteann - Cuirimid seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil agus tugaimid aghaidh ar riachtanais daoine ar bhealach atá uilechuimsitheach agus cothrom araon. Iontaobh agus ionracas - Déanaimid ár gcuid oibre go léir go macánta, go hoscailte agus go cothrom. Meas - Caithimid go cothrom le gach duine agus aird chuí á tabhairt ar a riachtanais agus ar a gcearta. Cur Chuige Daoine-Lárnach - Bímid ag plé le daoine ar bhealach atá cóir, cúirtéiseach agus tráthúil. Bímid sa tóir ar an bhfeabhsú i gcónaí. Freagracht - Táimid cuntasach agus trédhearcach agus déanaimid ár gcuid oibre agus cinntí go freagrach. Nuálaíocht - Bímid sa tóir i gcónaí ar chuir chuige atá forásach agus cruthaitheach i leith na seirbhísí a sholáthraímid.

Cathair Chorcaí a bheith ina scothchathair dhomhanda, a chuireann dlús faoi fhás áitiúil agus réigiúnach, a ghlacann leis an éagsúlacht agus leis an uilechuimsitheacht agus a fhásanna ina dlúthchathair sheasmhach, fholláin, aois-bháúil, inbhuanaithe atá bunaithe ar mhórtas áite, ar phobail agus ar chaighdeán saoil. Táimid ag tnúth le Corcaigh a bheith ina scothchathair dhomhanda, áit a mbíonn rath ar na healaíona agus ar an gcultúr ionas gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint astu, áit a bhfuil na healaíona agus an cultúr beo ar na sráideanna agus sna chomharsanacht, áit ar léiriú bríomhar iad orainn féin.

Grianghraf: Clare Keogh

14

15

Powered by