An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Focal an Ardmhéara

Focal an Ardmhéara

Is cathair í Corcaigh a chuir a cultúir uathúil féin i lár an aonaigh i gcónaí agus tá Comhairle Cathrach Chorcaí meáite ar na healaíona agus an cultúr a bheith i measc chrainn taca ár seirbhíse poiblí. Cuireann an chathair agus muintir na cathrach sraitheanna ár saoil chomhroinnte san áit seo in iúl trí na healaíona. Is féidir linn an áilleacht agus an suairceas a chur in iúl le scéalta, le hamhráin, le drámaíocht agus le híomhánna, ach is féidir linn an méala agus an duairceas is dual don saol a chur in iúl leo chomh maith. Ba mhór an sólás iad na healaíona agus an cultúr le linn chruatan na paindéime domhanda. Níor léir dúinn riamh a thábhachtaí atá na healaíona sa saol. Agus cathair Chorcaí ag fás léi, tá an daonra agus ár gcultúr ag éabhlóid. Tá deis n-ealaíon agus an chultúir i ndáil le teacht ar chultúir dhifriúla, brí a bhaint astu agus iad a thuiscint ríthábhachtach do shochaí atá seasmhach agus uilechuimsitheach. Is féidir leis na healaíona agus leis an gcultúr nasc a dhéanamh idir sinn féin agus ár ndaonnacht agus cabhrú linn féachaint ar a chéile go húr agus go báúil. Is féidir leis na healaíona cabhrú linn chomh maith ár stair a thuiscint trí lionsa eile. Ó thús deireadh Dheich mBliana na gCuimhneachán, chuir na healaíona agus an cultúr ar ár gcumas ár stair a léirmhíniú ar bhealaí nua agus intuigthe. Agus comhairliúchán nach beag ar siúl chun an Straitéise Ealaíon agus Cultúir seo a chur le chéile, ba léir agus b’fhollasach an teachtaireacht a fuarthas gur mór ag muintir Chorcaí scoth-thairiscintí na n-ealaíon agus an chultúir sa chathair agus gur mian leo go mbeadh rath orthu. Is chuige sin go díreach í Straitéis Ealaíon agus Chultúir Chomhairle Cathrach Chorcaí. Ba mhaith liom gach duine a bhí páirteach i gcur le chéile na straitéise a mholadh go hard agus táim ag tnúth lena cur i bhfeidhm sna cúig bliana atá romhainn amach.

An tArd-Mhéara, an Clr Deirdre Forde

1

Powered by