An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

Brollach

Réamhrá

Brollach

Réamhrá

Chugainn an Straitéis uaillmhianach nua seo do na hEalaíona agus don Chultúr i dtráth atá ríthábhachtach i bhforbairt na cathrach. Beidh an Plean Forbartha Cathrach go 2028 atá le teacht ar an gcéad cheann de thrí phlean forbartha as a chéile a dhéanfaidh maoirseacht ar fhorbairt Chorcaí ina cathair ar scála idirnáisiúnta, de réir spriocanna an Chreata Pleanála Náisiúnta, Éire 2040. Tá na hEalaíona agus an Cultúr ríthábhachtach maidir le caighdeán an tsaoil agus folláine na sochaí agus cuireann siad go mór lenár ngeilleagar uirbeach. Cuireann an Straitéis seo na healaíona agus an cultúr go dlúth i gclár oibre forbartha na cathrach agus sonraítear na tosaíochtaí straitéiseacha ar féidir leo cumas na hearnála ealaíon agus cultúir a chothú agus a chur chun cinn sna cúig bliana atá romhainn amach, rud a bheidh ag teacht le fás pleanáilte na cathrach. Tuigtear go forleathan go bhfuil earnáil na n-ealaíon agus an chultúir ar cheann de na hearnálacha is measa as mar gheall ar an bpaindéim. Agus sinn ag iarraidh cruatan an dá bhliain seo caite a chur dínn, díríonn an straitéis seo ár n-aird go diongbháilte ar chúinsí tacaíochta a chothú don ealaín agus d’ealaíontóirí inár gcathair, cuireann an straitéis eolas ar fáil dúinn faoin tslí a dhéanaimid ár spásanna agus ár n-áiteanna a ath-shainiú, agus cuirfidh an straitéis, i ndeireadh na dála, le saintréithiúlacht ár gcathrach, rud a rachaidh chun leasa do gach duine a chónaíonn agus a oibríonn anseo agus a thugann cuairt orainn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhaltaí agus le foireann Chomhairle Cathrach Chorcaí agus leis an bpobal a chabhraigh leis an straitéis seo agus leis an gcomhairliúchán leathan is bonn léi. Ní féidir na huaillmhianta atá anseo istigh a bhaint amach ach le comh-iarracht agus le comhoibriú agus táimid ag tnúth le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe ar fud earnálacha an chultúir, an phobail, an oideachais agus an ghnó chun an uaillmhian sin a bhaint amach.

Is cúis bhróid do Chomhairle Cathrach Chorcaí é an Straitéis Ealaíon agus Chultúir 2022 – 2026 a roinnt. Leagtar amach sa straitéis an fhís atá againn do na healaíona agus don chultúr sa chathair mar aon leis na nithe a ndíreoimid ár n-iarrachtaí orthu sna cúig bliana atá romhainn chun ár n-uaillmhianta coiteanna a bhaint amach. Tar éis na ndeacrachtaí le dhá bhliain anuas, agus sinn ag maireachtaint agus ag obair trí ghéarchéim dhomhanda sláinte, agus in ainneoin na ndúshlán leanúnach, is díol dóchais agus diongbháilteachta í an straitéis nua seo. Is léiriú í ar mhuinín san am atá romhainn amach. Rinneamar cinntí na healaíona agus an cultúr a chur chun cinn i gCorcaigh bunaithe ar chlár tréan taighde agus comhairliúcháin a ndéantar cur síos air sna haguisíní. D’éisteamar le riachtanais agus le huaillmhianta daoine ó ar fud ár bpobail i ndáil leis na healaíona agus leis an gcultúr i gCorcaigh agus thugamar toradh orthu. Rinneamar deimhin de chomh maith go ndéanfadh ár gcuid tosaíochtaí straitéiseacha tosaíochtaí Phlean Forbartha na cathrach, atá ar na bacáin, a threisiú agus a chur chun cinn. Dá réir sin, táimid ag tnúth le bheith ag obair le muintir Chorcaí agus ar a son agus comhfhís againn i ndáil le Corcaigh a bheith ina scothchathair dhomhanda, áit a mbíonn rath ar na healaíona agus ar an gcultúr ionas gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint astu, áit a bhfuil na healaíona agus an cultúr beo ar na sráideanna agus sna chomharsanacht, áit ar léiriú bríomhar iad orainn féin.

Michelle Carew An tOifigeach Ealaíon An 30 Meitheamh 2022

Áine Ní Dhochartaigh An Príomhfheidhmeannach

2

3

Powered by