An Straitéis Ealaíon agus Chultúir

A dhearadh agus a sheachadadh

A dhearadh agus a sheachadadh

A dhearadh agus a sheachadadh Braitheann an straitéis seo a bhaint amach ar chomhiarracht idir an Chomhairle Cathrach, earnáil na n-ealaíon agus an chultúir agus ár gcomhpháirtithe áitiúla agus náisiúnta, faoi stiúir agus faoi chomhordú na hOifige Ealaíon.

Is gné thábhachtach den rathúlacht é tacaíocht leanúnach na Comhairle Ealaíon lena hinfheistíocht shuntasach d’earnáil ealaíon Chathair Chorcaí. Chuige sin, cinnteoimid go mbeidh ár dtosaíochtaí do na healaíona i gCathair Chorcaí ag teacht lena chéile trí Chomhaontú Comhpháirtíochta athbhreithnithe agus nuashonraithe idir Comhairle Cathrach Chorcaí agus an Chomhairle Ealaíon. Cinnteoidh cur i bhfeidhm na straitéise seo cuntasacht. Cruthóimid pleananna oibre bliantúla ina mbeidh gníomhartha chun gach ceann de na cuspóirí sonraithe a chur chun cinn. Déanfar monatóireacht ar an gcur i bhfeidhm ag cruinnithe inmheánacha gach ráithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus tuairisceoimid do choistí

ábhartha na Comhairle, ina measc an Coiste Ealaíon agus an Coiste Pleanála Speisialta Pobail, Cultúir agus Cothú Áite. Foilseoimid tuarascáil bhliantúil ina dtabharfar cuntas ar an dul chun cinn maidir leis na torthaí a luaitear sa straitéis seo a bhaint amach. Tabharfaidh tuarascáil bhliantúil na hOifige Ealaíon cuntas chomh maith ar an tslí atáthar ag comhtháthú téamaí nasctha na hionadaíochta agus na hinbhuanaitheacht comhshaoil ar fud ár gcuid oibre. Déanfar athbhreithniú lárthréimhse ar an straitéis agus déanfaimid meastóireacht a choimisiúnú a gcuirfear tús leis sa bhliain leathdhéanach den phlean straitéiseach.

Grianghraf: Clare Keogh

Grianghraf: Cathal Noonan

Grianghraf: Egle Laukyte

38

39

Powered by