Comhthéacs
Comhthéacs
Comhthéacs
Scothchathair dhomhanda
I gcroílár an dréachtphlean forbartha tá fís straitéiseach do Chathair Chorcaí a bheith ‘ina scothchathair dhomhanda, a chuireann dlús faoi fhás áitiúil agus réigiúnach, a ghlacann leis an éagsúlacht agus leis an uilechuimsitheacht agus a fhásann ina dlúthchathair sheasmhach, fholláin, aois-bháúil, inbhuanaithe atá bunaithe ar mhórtas áite, ar phobail agus ar chaighdeán saoil.’ Dearbhaíonn ocht bprionsabal straitéiseacha an fhís sin, arb é is teideal do cheann díobh ‘Cathair na foghlama agus an chultúir’ agus é ina sprioc aici: ‘Tógaint ar ainmniú Chorcaí ina Cathair Foghlama UNESCO agus ar oidhreacht shaibhir chultúir na cathrach agus an fhoghlaim, an cultúr, an oidhreacht agus na healaíona a chothú ar fud na cathrach’.
Cathair atá ag fás agus ag athrú Is í Corcaigh an dara príomhchathair in Éirinn. Tugadh sráidbhailte uirbeacha agus na comharsanachtaí nua – Baile an Chollaigh, Baile Uí Mhothláin, An Bhlarna, An Curraichín, Domhnach Broc, Dúglas, Corrach Mhic Chonmhaigh, Gleann Maghair, An Ghráinseach, Paidhc na gCiarraíoch, Na Cillíní, Baile an Róistigh, An Tóchar, an Túr agus Crosaire an Fhaoitigh – isteach i limistéar riaracháin na cathrach in 2019. Chomh maith leis an méadú ceantair seo, tá daonra na cathrach le fás, sna blianta atá romhainn amach, faoi bhreis agus 120,000 duine go 335,000 duine faoi 2040 agus leanúint ar aghaidh ag dul in éagsúlacht: faoi láthair, ba lasmuigh d’Éirinn a rugadh duine as gach ochtar i gCathair Chorcaí.
Grianghraf: Clare Keogh
Cathair na n-ealaíon agus an chultúir
Íomhá: Cork Ignite, saothar ealaíne beo le Simon McKeon; Grianghraf: Clare Keogh
Is lárionad ealaíontóirí agus na n-ealaíon agus eagraíochtaí ealaíon í Cathair Chorcaí leis na cianta. Leanann an chathair uirthi ag spreagadh agus ag cothú ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúir áitiúla agus náisiúnta a mbaineann sármhaitheas agus uaillmhian leo. Cothaíonn cláir spriocdhírithe ealaíon agus chultúir in OTM agus COC agus tionscnaimh agus deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla eile sa chathair na glúine nua ealaíontóirí agus lucht gairmiúil ealaíon. Cothaíonn a cuid institiúidí, eagraíochtaí agus féilte ealaíon agus cultúir éiceolaíocht bhríomhar ealaíon, rud a thacaíonn le healaíontóirí, a chruthaíonn eispéiris ealaíon den scoth a chuimsíonn pobal éagsúlach na cathrach agus cuairteoirí araon agus a chuireann le cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta na cathrach. Agus í ina Cathair Chultúir na hEorpa in 2005, bhí Corcaigh sa dara háit as measc 79 cathair maidir le rannpháirtíocht i gcultúr agus tarraingteacht cultúir i bhFaireoir Cathracha Cultúir agus Cruthaitheacha an Choimisiúin Eorpaigh 2019. Mar a dhearbhaíonn Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí, is cuid iomlán, intuigthe agus riachtanach de Chathair Chorcaí anois iad na healaíona agus an cultúr agus tá siad ríthábhachtach dá todhchaí.
Cathair lena mbaineann uaillmhian agus mianach Sonraíonn Éire 2040 – An Tionscadal agus an Creat Náisiúnta Pleanála mianach fáis Chathair Chorcaí agus tacaíonn siad leis, tionscadail ina leagtar amach spriocanna uaillmhianacha forbartha a chinnteoidh rath agus inmharthanacht na cathrach mar ‘thimpeallacht inbhuanaithe uirbeach atá iomaíoch go hidirnáisiúnta’. Tá forbairt na cathrach amach anseo á cur chun cinn de bhun na Straitéise Réigiúnaí Spáis agus Eacnamaíochta agus straitéisí áitiúla ar leith agus leagtar amach an uaillmhian don chathair ina hiomláine i bPlean Forbartha Chomhairle Cathrach Chorcaí, Ár gCathair, ár gCinniúint 2022 – 2028 atá le foilsiú.
Image Credit: Deirdre Breen. Grianghraf Jed Niezgoda
Grianghraf: Clare Keogh
6
7
Powered by FlippingBook