Plean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí 2026-2029
Na príomhfhreagrachtaí atá ar an Oifigeach Forbartha Gaeilge
• Comhordú a dhéanamh ar chlár imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge agus eile
I ngach údarás áitiúil tá ball foirne ainmnithe atá freagrach as:
• Dea-chaidreamh a choinneáil le hOifig an Choimisinéara Teanga maidir le hoibleagáidí reachtúla faoin Acht agus faoinár scéim féin
• Tacú le daoine ar fhoireann na Comhairle Cathrach a bhfuil dúil acu sa Ghaeilge nó an dúil sin a chothú iontu (oiliúint sa Ghaeilge, scéim tacaíochta do bhaill foirne) • Féachaint chuige go nglactar isteach ábhar Gaeilge sa chaoi a gcuirtear i gcrích féilte gaolmhara (Seachtain na hOidhreachta, Oíche Chultúir, An Fhéile Foghlama ar feadh an tSaoil, Cláir Éire Ildánach), aistriú fánach, cuirí, plaiceanna cuimhneacháin, comharthaíocht, srl • Comhordú a dhéanamh ar obair agus ar ionchur an Ghrúpa Forbartha Gaeilge, ar fochoiste é de chomhaltaí tofa de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí a gcuirtear de chúram orthu an Ghaeilge a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí na Comhairle agus sa tacaíocht a thugann sí do thionscnaimh Ghaeilge.
• Freagairt go pras d’aon ghearán oifigiúil a thagann ó oifig an Choimisinéara.
• Féachaint chuige go bhfuil stiúrthóireachtaí agus rannóga ar an eolas faoina bhfreagrachtaí faoin reachtaíocht
• Atmaisféar dátheangach a chothú sa chathair ach tacú le heagraíochtaí atá ag obair sa réimse seo. I gcás Comhairle Cathrach Chorcaí, chuimseodh sé seo eagraíochtaí leithéidí Gael Taca, Gaeilgeoirí Cois Laoi, Club Cheoil Bhaile Féitheán, Acadamh na Gaeilge Chorcaí agus tuilleadh nach iad.
15
Powered by FlippingBook