Plean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí

Plean Gníomhaíochta Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí 2026–2029

Cur i bhFeidhm agus Meastóireacht

Beidh monatóireacht agus meastóireacht ríthábhachtach chun éifeachtacht an Phlean Gaeilge a thuiscint. Tá an plean seo dírithe ar ghníomhartha agus beifear in ann léargas a fháil ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm é dá bharr. Beidh a fhios againn ón monatóireacht rialta a dhéanfar cad iad na rudaí atá ag éirí go maith leo agus cad iad na réimsí ina bhfuil gá le feabhsú. Cinnteoidh sé cuntasacht freisin sa chaoi go mbeidh páirtithe leasmhara in ann dul chun cinn a rianú agus comhoibriú ar bhealach níos fearr chun spriocanna a bhaint amach. Is plean sofhreagrúil é – plean ar féidir athbhreithniú a dhéanamh go héasca air agus é a athrú le himeacht aimsire.

Ceanneagraíocht

Cineál Athbhreithnithe

Cathain

Tuarascáil bhliantúil Tuarascáil bhliantúil iomlán a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta faoi: • Comhairle Cathrach Chorcaí • Na comhpháirtithe cur chun feidhme Rianaire Gníomhartha An Rianaire Gníomhartha a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn a dhéantar i leith gníomhartha agus a leithéid a rianú.

Gach bliain mar seo a leanas:

Comhairle Cathrach Chorcaí agus na comhpháirtithe cur chun feidhme uile

2027 – an 1ú Phlean Gníomhaíochta 2028 – an 2ú Plean Gníomhaíochta 2029 – Deireadh leis an athbhreithniú Deireanach ar an bPlean

Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach Chorcaí.

Go bliantúil

CFPÁ [Coiste Forbartha Pobail Áitiúil] agus CBSanna [Coistí um Beartais Straitéiseacha]

Tuarascáil Cuir i Láthair chuig cruinniú den CFPÁ agus an CBS

Go bliantúil

Athbhreithniú idirghníomhaireachta Athbhreithniú bhliantúil a dhéanamh ar ghníomhartha bainteach le hidirghníomhaireachtaí ábhartha. Struchtúir Tuairiscithe Inmheánacha Tuairisciú ar an dul chun a dhéantar ar an bplean Gaeilge sna stiúrthóireachtaí uile ach tuairisciú a dhéanamh ar: • Plean Seachadta Seirbhísí Bliantúil • An Plean Corparáideach • An Plean Forbartha Cathrach

Idirghníomhaireacht Gaeilge ar fud na cathrach

Go bliantúil

Comhairle Cathrach Chorcaí

Go bliantúil

27

Powered by